+Airteagal 92 3.

Airteagal 92 3.

Ríomhfaidh institiúidí méid iomlán na neamhchosanta ar riosca mar leanas:

TREA = max {U-TREA; x·S-TREA}

i gcás inarb amhlaidh:

TREA

= méid iomlán neamhchosaint an eintitis ar riosca;

U-TREA

= méid iomlán neamhchosaint an eintitis ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta arna ríomh i gcomhréir le mír 4;

S-TREA

= méid iomlán caighdeánaithe neamhchosaint an eintitis ar riosca arna ríomh i gcomhréir le mír 5;

x

= 72,5  %.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh Ballstát a chinneadh gurb éard a bheidh i méid iomlán na neamhchosanta ar riosca méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta, arna ríomh i gcomhréir le mír 4, maidir le hinstitiúidí atá mar chuid de ghrúpa le máthairinstitiúid sa Bhallstát céanna, ar choinníoll go ndéanfaidh an mháthairinstitiúid sin nó, i gcás grúpaí atá comhdhéanta de chomhlacht lárnach agus d’institiúidí buanchleamhnaithe, an t-iomlán mar atá comhdhéanta den chomhlacht lárnach agus a institiúidí cleamhnaithe, méid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo ar bhonn comhdhlúite.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas