+Airteagal 103 An leabhar trádála a bhainistiú
---+Airteagal 103 1.
---+Airteagal 103 2.
|
Airteagal 103 An leabhar trádála a bhainistiú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 103 1.
|
Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus gur cuid den leabhar trádála iad chun críocha ceanglas cistí dílse;
(b)
a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá-threo leachtach, gníomhach;
(c)
maidir le suíomhanna atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i)
►C12
riosca ◄ ábhartha uile an tsuímh a shainaithint;
(ii)
►C12
riosca ◄ ábhartha uile an tsuímh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;
(iii)
meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;
(d)
a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;
(e)
a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;
(f)
a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi,
►C12
riosca ◄ na suíomhanna laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;
(g)
a mhéid a fhéadfaidh an institiúid
►C12
riosca ◄ nó suíomhanna a athaicmiú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair thrádála agus na ceanglais maidir leis na hathaicmithe sin dá dtagraítear in Airteagal 104a.
|
|
Airteagal 103 2.
|
Agus í ag bainistiú a cuid suíomhanna nó a punanna suíomhanna sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas ar fad:
(a)
beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus formheasta ag an mbainistíocht shinsearach, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh nó do na punanna sa leabhar trádála, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;
(b)
beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuíomhanna nó ar phunanna sa leabhar trádála; áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:
(i)
cé na suíomhanna nó na punanna ar féidir le gach deasc trádála nó, de réir mar a bheidh, déileálaithe ainmnithe dul isteach iontu;
(ii)
teorainneacha suímh a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;
(iii)
áiritheofar go mbeidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise formheasta;
(iv)
áiritheofar go dtuairisceofar suíomhanna don bhainistíocht shinsearach mar chuid lárnach de phróiseas bainistithe
►C12
riosca ◄ na hinstitiúide;
(v)
áiritheofar go ndéanfar faireachán gníomhach ar shuíomhanna agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh, nó na chomhpháirte a bhaineann leis, a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh,
►C12
riosca ◄ méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;
(vi)
nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise;
(c)
beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suíomhanna i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuíomhanna ar saraíodh an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|