+Airteagal 103 1.

Airteagal 103 1.

Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus gur cuid den leabhar trádála iad chun críocha ceanglas cistí dílse;

(b) 

a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá-threo leachtach, gníomhach;

(c) 

maidir le suíomhanna atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

►C12  riosca ◄ ábhartha uile an tsuímh a shainaithint;

(ii) 

►C12  riosca ◄ ábhartha uile an tsuímh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;

(iii) 

meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;

(d) 

a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;

(e) 

a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;

(f) 

a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, ►C12  riosca ◄ na suíomhanna laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;

(g) 

a mhéid a fhéadfaidh an institiúid ►C12  riosca ◄ nó suíomhanna a athaicmiú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair thrádála agus na ceanglais maidir leis na hathaicmithe sin dá dtagraítear in Airteagal 104a.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas