+Airteagal 106 4.

Airteagal 106 4.

I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca cothromais ag úsáid díorthach cothromais atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh cothromais sin mar fhálú inmheánach ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca cothromais chun críche na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca dá dtagraítear im Airteagal 92(4), pointe (a), a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh cothromais eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh cosaint creidmheasa neamhchistithe sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán riosca margaidh an fhálaithe inmheánaigh.

Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus an díorthach cothromais a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe araon sa leabhar trádála chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannfar an dá shuíomh don deasc thrádála chéanna lena mbainistítear rioscaí comhchosúla.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas