+Airteagal 106 Fálú Inmheánach
---+Airteagal 106 1.
---+Airteagal 106 2.
---+Airteagal 106 3.
---+Airteagal 106 4.
---+Airteagal 106 4a.
---+Airteagal 106 5.
---+Airteagal 106 5a.
---+Airteagal 106 5b.
---+Airteagal 106 6.
---+Airteagal 106 7.
|
Airteagal 106 Fálú Inmheánach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 106 1.
|
Comhlíonfaidh fálú inmheánach go háirithe na ceanglais seo a leanas:
(a)
ní bheidh sé i gceist go príomha ceanglais cistí dílse a sheachaint nó a laghdú leis;
(b)
déanfar é a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh inmheánach áirithe agus nósanna imeachta iniúchta;
(c)
déileálfar leis ag coinníollacha an mhargaidh;
(d)
déanfar bainistiú dinimiciúil sa leabhar trádála ar an
►C9
riosca ◄ margaidh a ghinfear leis an bhfálú inmheánach agus déanfar an bainistiú sin laistigh de na teorainneacha údaraithe;
▼C2
(e)
déanfar faireachán cúramach air i gcomhréir le nósanna imeachta dóthanacha.
▼B
Áiritheofar go ndéanfar faireachán air trí nósanna imeachta leordhóthanacha.
|
|
Airteagal 106 2.
|
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an suíomh fálaithe sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála, nuair is ábhartha.
|
|
Airteagal 106 3.
|
I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca creidmheasa nó ar neamhchosaint ar riosca contrapháirtí ag úsáid díorthach creidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh creidmheasa sin mar fhálú inmheánach ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca creidmheasa nó ar neamhchosaint ar riosca contrapháirtí chun críche na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (a), a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh chreidmheasa eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh cosaint creidmheasa neamhchistithe sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán riosca margaidh an fhálaithe inmheánaigh. Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach creidmheasa a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe araon sa leabhar trádála chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannfar an dá shuíomh don deasc thrádála chéanna lena mbainistítear rioscaí comhchosúla.
|
|
Airteagal 106 4.
|
I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca cothromais ag úsáid díorthach cothromais atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh cothromais sin mar fhálú inmheánach ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca cothromais chun críche na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca dá dtagraítear im Airteagal 92(4), pointe (a), a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh cothromais eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh cosaint creidmheasa neamhchistithe sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán riosca margaidh an fhálaithe inmheánaigh. Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus an díorthach cothromais a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe araon sa leabhar trádála chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannfar an dá shuíomh don deasc thrádála chéanna lena mbainistítear rioscaí comhchosúla.
|
|
Airteagal 106 4a.
|
Chun críocha mhíreanna 3 agus 4, féadfaidh an t-idirbheart díorthaigh creidmheasa nó an t-idirbheart díorthaigh cothromais a rinne institiúid a bheith comhdhéanta de níos mó ná idirbheart amháin le níos mó ná soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe amháin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an t-idirbheart comhiomlánaithe is toradh air na coinníollacha a leagtar amach sna míreanna sin.
|
|
Airteagal 106 5.
|
I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaintí leabhair neamhthrádála ar riosca ráta úis agus suíomh riosca ráta úis á úsáid atá cláraithe ina leabhar trádála, measfar gur fálú inmheánach é an suíomh sin maidir le riosca an ráta úis chun críoch riosca ráta úis a thagann as suíomhanna leabhair neamhthrádála a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointí (a), (b) agus (c), á n-úsáid, sannadh an suíomh do phunann ar leithligh ó na suíomhanna leabhair trádála eile, arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;
(b)
chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannadh an suíomh do dheasc thrádála arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;
(c)
rinne an institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a maolóidh an suíomh an riosca ráta úis a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE.
|
|
Airteagal 106 5a.
|
Chun críocha mhír 5, pointe (a), féadfaidh an institiúid a shannadh don phunann sin suíomhanna eile riosca ráta úis a dhéantar le tríú páirtithe, nó lena leabhar trádála féin, ar choinníoll go bhfritháiríonn an institiúid go hiomlán riosca margaidh na suíomhanna eile riosca ráta úis sin a rinneadh lena leabhar trádála féin trí shuíomhanna riosca ráta úis urchomhaireacha a bheith acu le tríú páirtithe.
|
|
Airteagal 106 5b.
|
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an deasc thrádála dá dtagraítear i mír 5, pointe (b), den Airteagal seo:
(a)
féadfaidh an deasc thrádála sin suíomhanna eile riosca ráta úis a bheith aici le tríú páirtithe nó le deasca trádála eile de chuid na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na suíomhanna sin go hiomlán na ceanglais chun iad a chur ar áireamh sa leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 104 agus go bhfritháireoidh na deasca trádála eile sin go hiomlán riosca margaidh na suíomhanna eile riosca ráta úis sin trí shuíomhanna riosca ráta úis urchomhaireacha a bheith acu le tríú páirtithe;
(b)
ní shanntar aon suíomhanna leabhair trádála ar an deasc thrádála sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;
(c)
de mhaolú ar Airteagal 104b, ní bheidh an deasc thrádála sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal sin.
|
|
Airteagal 106 6.
|
Na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh na suíomhanna uile a sannadh don phunann ar leithligh dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), nó don deasc thrádála dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin, déanfar iad a ríomh ar bhonn neamhspleách, sa bhreis ar na ceanglais cistí dílse do na suíomhanna leabhair trádála eile.
|
|
Airteagal 106 7.
|
I gcás ina ndéanann institiúid fálú maidir le neamhchosaint ar riosca coigeartaithe ar luacháil creidmheasa (CVA) trí ionstraim dhíorthach a úsáid a rinne sí lena leabhar trádála, aithneofar an suíomh san ionstraim dhíorthach sin mar fhálú inmheánach don neamhchosaint ar riosca CVA chun na ceanglais cistí dílse a ríomh do riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 383 nó 384, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
aithnítear an suíomh díorthach mar fhálú incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386;
(b)
i gcás ina bhfuil an suíomh díorthach faoi réir aon cheann de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325c(2), pointe (b) nó (c), nó in Airteagal 325e(1), pointe (c), fritháiríonn an institiúid go hiomlán riosca margaidh an tsuímh dhíorthaigh sin trí shuíomhanna urchomhaireacha a dhéanamh le tríú páirtithe.
Áireofar suíomh leabhair trádála urchomhaireach an fhálaithe inmheánaigh a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i leabhar trádála na hinstitiúide chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|