+Airteagal 107 Cineálacha cur chuige maidir le►C9riosca◄creidmheasa
---+Airteagal 107 1.
---+Airteagal 107 2.
---+Airteagal 107 3.
---+Airteagal 107 4.
|
Airteagal 107 Cineálacha cur chuige maidir le►C9riosca◄creidmheasa
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 107 1.
|
Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe dá bhforáiltear i gCaibidil 2 i bhfeidhm nó, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla é i gcomhréir le hAirteagal 143, an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha dá bhforáiltear i gCaibidil 3 chun a méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh chun críocha Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g).
|
|
Airteagal 107 2.
|
I gcás neamhchosaintí trádála agus i gcás ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtí lárnach, cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 9, i bhfeidhm chun a méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh chun críocha Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g). Maidir le gach cineál eile neamhchosanta contrapháirtí lárnaigh, déanfaidh institiúidí iad a láimhseáil mar a leanas:
(a)
mar neamhchosaintí institiúide maidir le gach cineál eile neamhchosanta contrapháirtí lárnaigh cháilithigh;
(b)
mar neamhchosaintí ar chorparáid maidir le gach cineál eile neamhchosanta contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh.
|
|
Airteagal 107 3.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar neamhchosaintí gnólachtaí infheistíochta tríú tír, institiúidí creidmheasa tríú tír agus malartáin tríú tír, chomh maith le neamhchosaintí institiúidí airgeadais tríú tír atá údaraithe ag údaráis tríú tír, a ndéanann údaráis tríú tír maoirseacht orthu agus atá faoi réir ceanglais stuamachta atá inchomparáide leis na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí i dtéarmaí stóinseachta, déanfar iad a láimhseáil mar neamhchosaintí institiúide i gcás ina gcuirfidh an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm ar an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad coibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.
|
|
Airteagal 107 4.
|
Chun críocha mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint de risíochtaí ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2015, ar choinníoll go mbeidh an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|