+Airteagal 110 Coigeartú ginearálta i leith►C9riosca◄creidmheasa a láimhseáil
---+Airteagal 110 1.
---+Airteagal 110 2.
---+Airteagal 110 3.
---+Airteagal 110 4.

Airteagal 110 Coigeartú ginearálta i leith►C9riosca◄creidmheasa a láimhseáil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 110 1.
Déanfaidh institiúidí a chuirfidh an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm coigeartuithe ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 62 (c).
Airteagal 110 2.
Déanfaidh institiúidí a bhfuil an Cur Chuige IRB á chur i bhfeidhm acu na coigeartuithe i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 159, Airteagal 62 (d) agus Airteagal 36 (1)(d).

Chun críocha an Airteagail seo agus Chaibidil 2 agus Chaibidil 3, ní bheidh cistí le haghaidh ►C9  riosca ◄ ginearálta baincéireachta san áireamh i gcoigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa.

Airteagal 110 3.

Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá ►C9  neamhchosanta ◄ ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:

(a) 

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;

(b) 

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;

(c) 

Sannfar an t-iarmhar den choigeartú i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa ar bhonn pro rata de réir an chion de na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ atá faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe agus atá faoi réir ag an gCur Chuige IRB.

Airteagal 110 4.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh na gcoigeartuithe sonracha i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa agus na gcoigeartuithe ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a shonrú faoin gcreat infheidhme cuntasaíochta maidir leo seo a leanas:

(a) 

luach na ►C9  neamhchosanta ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 111;

(b) 

luach na ►C9  neamhchosanta ◄ faoin gCur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagail 166 go 168;

(c) 

láimhseáil méideanna an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 159;

(d) 

luach na ►C9  neamhchosanta ◄ chun méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh i dtaca leis an suíomh urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 246 agus Airteagal 266;

(e) 

mainneachtain a chinneadh faoi Airteagal 178;

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas