+Airteagal 110 3.

Airteagal 110 3.

Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá ►C9  neamhchosanta ◄ ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:

(a) 

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;

(b) 

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;

(c) 

Sannfar an t-iarmhar den choigeartú i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa ar bhonn pro rata de réir an chion de na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ atá faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe agus atá faoi réir ag an gCur Chuige IRB.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas