+Airteagal 111 Luach na neamhchosanta
---+Airteagal 111 1.
---+Airteagal 111 2.
---+Airteagal 111 3.
---+Airteagal 111 4.
---+Airteagal 111 5.
---+Airteagal 111 6.
---+Airteagal 111 7.
---+Airteagal 111 8.
|
Airteagal 111 Luach na neamhchosanta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 111 1.
|
Is é a bheidh i luach na neamhchosanta ar ítim shócmhainne an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 a bhaineann le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m), agus laghduithe i leith cistí dílse eile a bhaineann leis an ítim shócmhainne a bheith curtha i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 111 2.
|
Is é a bheidh i luach na neamhchosanta ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I an céatadán seo a leanas de luach ainmniúil na hítime tar éis coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 110 agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m):
(a)
100 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 1;
(b)
50 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 2;
(c)
40 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 3;
(d)
20 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 4;
(e)
10 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 5.
|
|
Airteagal 111 3.
|
Beidh luach na neamhchosanta ar ghealltanas ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an gcuid is ísle de na céatadáin seo a leanas de luach ainmniúil an ghealltanais tar éis coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa a asbhaint agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m):
(a)
an céatadán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo is infheidhme maidir leis an ítim ar a ndéantar an gealltanas;
(b)
an céatadán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo is infheidhme maidir leis an gcineál gealltanais.
|
|
Airteagal 111 4.
|
I gcás socruithe conarthacha arna dtairiscint ag institiúid, ach nár ghlac an cliant leo fós, ar gealltanais iad a bheadh ina ngealltanais dá nglacfadh an cliant leo, déanfar iad a láimhseáil mar ghealltanais agus is é an céatadán a bheidh infheidhme an céatadán dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 2. I gcás socruithe conarthacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5, pointí (10)(a) go (e), is é 0 % an céatadán is infheidhme.
|
|
Airteagal 111 5.
|
I gcás ina mbeidh an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 223 in úsáid ag institiúid, méadófar luach na neamhchosanta ag urrúis nó ag tráchtearraí a dhíolfar, a bhreacfar nó a thabharfar ar iasacht faoi idirbheart um maoiniú urrús, ag brath ar an gcoigeartú luaineachta a bheidh oiriúnach d’urrúis nó do na tráchtearraí sin i gcomhréir le hAirteagail 223 agus 224.
|
|
Airteagal 111 6.
|
Déanfar luach na neamhchosanta a bheidh ag ionstraim dhíorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, agus na héifeachtaí a bheidh ag conarthaí nuachana agus ag comhaontuithe glanluachála eile mar a shonraítear sa Chaibidil sin á gcur san áireamh. Féadfar luach na neamhchosanta d'idirbhearta um maoiniú urrús agus na n-idirbheart socraíochta iarchurtha a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 4 nó le Caibidil 6.
|
|
Airteagal 111 7.
|
I gcás ina mbeidh an neamhchosaint cumhdaithe ag cosaint creidmheasa chistithe, féadfar luach na neamhchosanta a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.
|
|
Airteagal 111 8.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na critéir a úsáidfidh institiúidí chun ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a shannadh, cé is moite d’ítimí atá áirithe cheana féin in Iarscríbhinn I, do bhuicéid 1 go 5 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;
(b)
na tosca a d’fhéadfadh srian a chur ar chumas na n-institiúidí na gealltanais atá inchealaithe go neamhchoinníollach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chur ar ceal;
(c)
an próiseas chun fógra a thabhairt do ÚBE faoi aicmiú na n-institiúidí ar ítimí eile atá lasmuigh den chlár comhardaithe lena ngabhann rioscaí den chineál céanna leo sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|