+Airteagal 111 8.

Airteagal 111 8.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

na critéir a úsáidfidh institiúidí chun ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a shannadh, cé is moite d’ítimí atá áirithe cheana féin in Iarscríbhinn I, do bhuicéid 1 go 5 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

(b) 

na tosca a d’fhéadfadh srian a chur ar chumas na n-institiúidí na gealltanais atá inchealaithe go neamhchoinníollach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chur ar ceal;

(c) 

an próiseas chun fógra a thabhairt do ÚBE faoi aicmiú na n-institiúidí ar ítimí eile atá lasmuigh den chlár comhardaithe lena ngabhann rioscaí den chineál céanna leo sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas