+Airteagal 113 7.

Airteagal 113 7.

Cé is moite de ►C9  neamhchosaintí ◄ as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;

(b) 

áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;

(c) 

tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar ►C9  riosca ◄ , agus a thugann léargas iomlán ar staid ►C9  riosca ◄ gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar ►C9  neamhchosaintí ◄ a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);

(d) 

déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar ►C9  riosca ◄ a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;

(e) 

déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar ►C9  riosca ◄ , a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar ►C9  riosca ◄ , a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;

(f) 

tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;

(g) 

gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear “ilghiaráil” anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;

(h) 

Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;

(i) 

déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.

I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ►C9  ualach riosca ◄ 0 % a shannadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas