+Airteagal 113 Méideanna►C9neamhchosanta◄atá ualaithe ó thaobh►C9riosca◄a ríomh
---+Airteagal 113 1.
---+Airteagal 113 2.
---+Airteagal 113 3.
---+Airteagal 113 4.
---+Airteagal 113 5.
---+Airteagal 113 6.
---+Airteagal 113 7.
|
Airteagal 113 Méideanna►C9neamhchosanta◄atá ualaithe ó thaobh►C9riosca◄a ríomh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 113 1.
|
Chun na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh, cuirfear ualuithe riosca i bhfeidhm maidir le gach neamhchosaint, seachas i gcás ina n-asbhaintear na neamhchosaintí sin de chistí dílse nó ina bhfuil siad faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír, i gcomhréir le forálacha Roinn 2 den Rialachán seo. Beidh cur i bhfeidhm na n-ualuithe riosca bunaithe ar an aicme neamhchosanta a bhfuil an neamhchosaint sannta di agus, a mhéid a shonraítear i Roinn 2, ar a cáilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna nó measúnuithe creidmheasa na ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3. Cé is moite de na neamhchosaintí a shanntar do na haicmí neamhchosanta a leagtar amach in Airteagal 112, pointí (a), (b), (c) agus (e), den Rialachán seo, i gcás ina léirítear leis an measúnú i gcomhréir le hAirteagal 79, pointe (b), de Threoir 2013/36/AE saintréithe riosca níos airde ná iad sin a thugtar le fios leis an gcéim cáilíochta creidmheasa dá sannfaí an neamhchosaint bunaithe ar an measúnú creidmheasa is infheidhme de chuid IMCS ainmnithe nó na gníomhaireachta creidmheasa onnmhairiúcháin, sannfaidh an institiúid ualú riosca a bheidh céim cáilíochta creidmheasa amháin ar a laghad níos airde ná an t-ualú riosca is intuigthe leis an measúnú creidmheasa a dhéanfaidh IMCS ainmnithe nó an ghníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin.
|
|
Airteagal 113 2.
|
Ar mhaithe le
►C9
ualach riosca ◄ a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 1, iolrófar luach na
►C9
neamhchosanta ◄ faoin
►C9
ualach riosca ◄ atá sonraithe nó cinnte i gcomhréir le Roinn 2.
|
|
Airteagal 113 3.
|
I gcás ina mbeidh neamhchosaint faoi réir cosaint creidmheasa, féadfar luach na neamhchosanta nó an t-ualú riosca is infheidhme maidir leis an neamhchosaint sin, de réir mar is iomchuí, a leasú i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Caibidil 4.
|
|
Airteagal 113 4.
|
Déanfar méideanna
►C9
neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C9
riosca ◄ le haghaidh
►C9
neamhchosaintí ◄ urrúsaithe a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.
|
|
Airteagal 113 5.
|
Sannfar ualú riosca 100 % ar luach na neamhchosanta d’aon ítim nach bhfuil aon ualú riosca curtha ar fáil ina leith faoin gCaibidil seo.
|
|
Airteagal 113 6.
|
►M17
Cé is moite de neamhchosaintí as a dtagann ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir faomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE é. Tá sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: ◄
▼M17
(a)
is institiúid nó institiúid airgeadais atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí;
▼B
(b)
tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;
(c)
tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;
(d)
tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;
(e)
níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid.
I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí
►C9
ualach riosca ◄ 0 % a shannadh.
|
|
Airteagal 113 7.
|
Cé is moite de
►C9
neamhchosaintí ◄ as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;
(b)
áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;
(c)
tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar
►C9
riosca ◄ , agus a thugann léargas iomlán ar staid
►C9
riosca ◄ gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar
►C9
neamhchosaintí ◄ a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);
(d)
déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar
►C9
riosca ◄ a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;
(e)
déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar
►C9
riosca ◄ , a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar
►C9
riosca ◄ , a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;
(f)
tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;
(g)
gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear “ilghiaráil” anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;
(h)
Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;
(i)
déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.
I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí
►C9
ualach riosca ◄ 0 % a shannadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|