+Airteagal 120 ►C9Neamhchosaintí◄ar institiúidí rátáilte
---+Airteagal 120 1.
---+Airteagal 120 2.
---+Airteagal 120 3.

Airteagal 120 ►C9Neamhchosaintí◄ar institiúidí rátáilte

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 120 1.

I gcás neamhchosaintí ar institiúidí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.



Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú riosca

20 %

30 %

50 %

100 %

100 %

150 %

Airteagal 120 2.

I gcás neamhchosaintí ar institiúidí a bhfuil aibíocht bunaidh 3 mhí nó níos lú acu a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ina leith ar fáil agus neamhchosaintí a eascraíonn as gluaiseacht earraí thar theorainneacha náisiúnta ag a bhfuil aibíocht bunaidh 6 mhí nó níos lú agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ina leith ar fáil, déanfar ualú riosca a shannadh do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le Tábla 2 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.



Tábla 2

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú riosca

20 %

20 %

20 %

50 %

50 %

150 %

Airteagal 120 3.

Is mar seo a leanas a bheidh an idirghníomhaíocht idir an tslí ina láimhseáiltear measúnú creidmheasa gearrthéarmach faoi Airteagal 131 agus an láimhseáil fhabhrach ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha atá leagtha amach i mír 2:

(a) 

Mura ndéantar aon mheasúnú ar ►C9  neamhchosaint ◄ ghearrthéarmach, beidh feidhm ag an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha mar atá sonraithe i mír 2 maidir le gach ►C9  neamhchosaint ◄ ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu;

(b) 

Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ►C9  ualach riosca ◄ níos fabhraí nó ►C9  ualach riosca ◄ comhionann i bhfeidhm seachas an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, úsáidfear an measúnú gearrthéarmach i gcás na ►C9  neamhchosanta ◄ sonraí sin amháin. Cuirfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha eile;

(c) 

Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ►C9  ualach riosca ◄ nach lú fabhar ná an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm, ní úsáidfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha agus déanfar an ►C9  t-ualach riosca ◄ céanna is a chuirtear i bhfeidhm leis an measúnú gearrthéarmach sonrach a shannadh do gach éileamh gearrthéarmach gan rátáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas