+Airteagal 123a Neamhchosaintí lena mbaineann neamhréir airgeadra
---+Airteagal 123a 1.
---+Airteagal 123a 2.
---+Airteagal 123a 3.
|
Airteagal 123a Neamhchosaintí lena mbaineann neamhréir airgeadra
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 123a 1.
|
I gcás neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (h), nó i gcás neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha a cháilíonn mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (i), iolrófar an t-ualú riosca a shanntar i gcomhréir leis an gCaibidil seo faoi fhachtóir 1,5 , trí nach mbeidh an t-ualú riosca a bheidh mar thoradh air níos airde ná 150 %, sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ainmnítear an neamhchosaint in airgeadra atá difriúil le hairgeadra fhoinse ioncaim an oibleagáideora;
(b)
níl fálú ag an oibleagáideoir le haghaidh an riosca íocaíochta mar gheall ar neamhréir airgeadra, de bharr ionstraim airgeadais nó ioncam airgeadra eachtrach atá i gcomhréir le hairgeadra na neamhchosanta, nó cumhdaíonn foriomlán na bhfáluithe sin atá ar fáil don iasachtaí ní lú ná 90 % do gach tráthchuid don neamhchosaint seo.
I gcás nach bhfuil institiúid in ann na neamhchosaintí ar leith sin ag a bhfuil neamhréir airgeadra a phiocadh amach, beidh feidhm ag an iolraitheoir ualaithe riosca de 1,5 maidir le gach neamhchosaint neamhfhálaithe i gcás ina bhfuil airgeadra na neamhchosanta difriúil le hairgeadra intíre thír chónaithe an oibleagáideora.
|
|
Airteagal 123a 2.
|
Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn foinse ioncaim d’aon fhoinse a ghineann sreabhadh airgid don oibleagáideoir, lena n-áirítear íocaíochtaí, ioncam ó chíos nó tuarastail, fad is a fhágtar fáltais ó dhíol sócmhainní nó gníomhartha iontaofa cosúla ag an institiúid as an áireamh.
|
|
Airteagal 123a 3.
|
De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil an péire airgeadraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), comhdhéanta den euro agus airgeadra Ballstáit atá rannpháirteach sa dara céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (ERM II), ní bheidh feidhm ag an iolraitheoir ualaithe riosca de 1,5 .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|