|
+Airteagal 124 2. |
Airteagal 124 2.Déanfar neamhchosaint neamh-ADC, suas go dtí méid ainmniúil an liain ar an réadmhaoin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, a láimhseáil mar seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe,
(i)
láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1):
(ii)
láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1) i gcás ina gcomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(1)
is ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus príomháit chónaithe an oibleagáideora, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus aonad tithíochta atá ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe;
(2)
is do dhuine nádúrtha atá an neamhchosaint agus tá sí urraithe le haonad tithíochta cónaithe a ghineann ioncam, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás ina bhfuil an t-aonad tithíochta ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe, agus nach bhfuil neamhchosaintí foriomlána na hinstitiúide don duine nádúrtha sin urraithe le breis agus ceithre réadmhaoin dhochorraithe, lena n-áirítear iad siúd nach réadmhaoine dochorraithe iad nó nach gcomhlíonann aon chritéar a leagtar amach sa phointe seo, nó aonaid tithíochta aonair laistigh de réadmhaoin dhochorraithe;
(3)
neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine nádúrtha atá rialáilte leis an dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;
(4)
neamhchosaint ar chuideachtaí tithíochta poiblí nó comhlachais neamhbhrabúis atá rialáilte ag an dlí agus atá ann chun freastal ar fheidhmeanna sóisialta agus chun tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do thionóntaí;
(iii)
láimhseálfar neamhchosaint IPRE nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii) den phointe seo, i gcomhréir le hAirteagal 125(2);
(b)
i gcás ina bhfuil an neamhchosaint urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, déanfar í a láimhseáil mar a leanas:
(i)
láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(1);
(ii)
láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|