+Airteagal 124 Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe
---+Airteagal 124 1.
---+Airteagal 124 2.
---+Airteagal 124 3.
---+Airteagal 124 4.
---+Airteagal 124 5.
---+Airteagal 124 6.
---+Airteagal 124 7.
---+Airteagal 124 8.
---+Airteagal 124 9.
---+Airteagal 124 10.
---+Airteagal 124 11.
---+Airteagal 124 12.
---+Airteagal 124 13.
---+Airteagal 124 14.
|
Airteagal 124 Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 124 1.
|
Déanfar neamhchosaint neamh-ADC nach gcomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 3, nó aon chuid de neamhchosaint neamh-ADC a sháraíonn méid ainmniúil an liain ar an réadmhaoin, a láimhseáil mar seo a leanas:
(a)
déanfar neamhchosaint neamh-IPRE a ualú ó thaobh riosca mar neamhchosaint ar an gcontrapháirtí nach bhfuil urraithe leis an réadmhaoin dhochorraithe lena mbaineann;
(b)
sannfar ualú riosca 150 % do neamhchosaint IPRE.
|
|
Airteagal 124 2.
|
Déanfar neamhchosaint neamh-ADC, suas go dtí méid ainmniúil an liain ar an réadmhaoin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, a láimhseáil mar seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe,
(i)
láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1):
(ii)
láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1) i gcás ina gcomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(1)
is ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus príomháit chónaithe an oibleagáideora, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus aonad tithíochta atá ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe;
(2)
is do dhuine nádúrtha atá an neamhchosaint agus tá sí urraithe le haonad tithíochta cónaithe a ghineann ioncam, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás ina bhfuil an t-aonad tithíochta ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe, agus nach bhfuil neamhchosaintí foriomlána na hinstitiúide don duine nádúrtha sin urraithe le breis agus ceithre réadmhaoin dhochorraithe, lena n-áirítear iad siúd nach réadmhaoine dochorraithe iad nó nach gcomhlíonann aon chritéar a leagtar amach sa phointe seo, nó aonaid tithíochta aonair laistigh de réadmhaoin dhochorraithe;
(3)
neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine nádúrtha atá rialáilte leis an dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;
(4)
neamhchosaint ar chuideachtaí tithíochta poiblí nó comhlachais neamhbhrabúis atá rialáilte ag an dlí agus atá ann chun freastal ar fheidhmeanna sóisialta agus chun tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do thionóntaí;
(iii)
láimhseálfar neamhchosaint IPRE nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii) den phointe seo, i gcomhréir le hAirteagal 125(2);
(b)
i gcás ina bhfuil an neamhchosaint urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, déanfar í a láimhseáil mar a leanas:
(i)
láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(1);
(ii)
láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(2).
|
|
Airteagal 124 3.
|
Chun bheith incháilithe don láimhseáil dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfaidh neamhchosaint atá urraithe le réadmhaoin dhochorraithe gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
comhlíonann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(i)
cuireadh an réadmhaoin dhochorraithe i gcrích ina hiomláine;
(ii)
is foraois nó talamh talmhaíochta í an réadmhaoin dhochorraithe;
(iii)
is leis an duine nádúrtha atá an t-iasachtú agus is ionann an réadmhaoin dhochorraithe agus réadmhaoin chónaithe atá á tógáil nó talamh ar a bhfuil sé beartaithe réadmhaoin chónaithe a thógáil sa chás inar fhaomh go dlíthiúil gach údarás ábhartha an plean, de réir mar is infheidhme, agus sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(1)
níl níos mó ná ceithre aonad chónaithe sa réadmhaoin dhochorraithe agus príomháit chónaithe an oibleagáideora a bheidh ann agus ní bheidh iasachtú an duine nádúrtha ag maoiniú neamhchosaintí ADC go hindíreach;
(2)
tá rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil nó eintiteas earnála poiblí i gceist, a láimhseáiltear neamhchosaintí air i gcomhréir le hAirteagail 115(2) nó 116(4), faoi seach, agus tá na cumhachtaí dlíthiúla agus an cumas aige lena chinntiú go gcríochnófar réadmhaoin atá á tógáil faoi thráthchlár réasúnta agus a n-éilítear air, nó a thug gealltanas ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de, críochnú a áirithiú i gcás nach gcríochnófaí an tógáil laistigh de thráthchlár réasúnta den sórt sin murach sin; de rogha air sin, tá sásra dlíthiúil coibhéiseach i bhfeidhm chun a áirithiú go gcríochnófar an réadmhaoin atá á tógáil laistigh de thréimhse réasúnta ama;
(b)
tá an neamhchosaint urraithe le céad lian atá i seilbh na hinstitiúide ar an réadmhaoin dhochorraithe, nó tá an chéad lian agus aon lian eile ag a bhfuil rangú níos ísle ar an réadmhaoin sin i seilbh na hinstitiúide;
(c)
ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;
(d)
déantar an fhaisnéis ar fad is gá ag tionscnamh na neamhchosanta agus chun críoch faireacháin a dhoiciméadú go cuí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cumas an oibleagáideora aisíocaíocht a dhéanamh agus faisnéis maidir le luach na réadmhaoine;
(e)
comhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208 agus comhlíontar na rialacha luachála a leagtar amach in Airteagal 229(1).
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d’fheidhmíocht an oibleagáideora araon. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), cuirfidh institiúidí beartais frithgheallta i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a thionscnamh lena n-áirítear measúnú ar chumas an iasachtaí aisíocaíocht a dhéanamh. Áireofar sna beartais frithgheallta na méadrachtaí ábhartha don mheasúnú sin agus a n-uasleibhéil faoi seach.
|
|
Airteagal 124 4.
|
De mhaolú ar mhír 3, pointe (b), i ndlínsí ina dtugann liain shóisearacha éileamh ar chomhthaobhacht atá in-fhorfheidhmithe go dlíthiúil don sealbhóir, agus ar maolú riosca creidmheasa éifeachtach é, d’fhéadfaí liain shóisearacha arna sealbhú ag institiúid, seachas an ceann ag a bhfuil an lian sinsearach, a aithint, lena n-áirítear sa chás nach bhfuil an lian sinsearach i seilbh na hinstitiúide nó nach bhfuil ina seilbh rangú liain idir lian níos sinsearaí agus lian níos sóisearaí agus an dá cheann i seilbh na hinstitiúide. Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheoidh na rialacha lena rialaítear na liain gach ní a leanas:
(a)
is féidir le gach institiúid ag a bhfuil lian ar réadmhaoin díol na réadmhaoine a thionscnamh go neamhspleách ar eintitis eile ag a bhfuil lian ar an réadmhaoin;
(b)
sa chás nach ndíoltar an réadmhaoin trí bhíthin ceant poiblí, déanfaidh eintitis ag a bhfuil lian sinsearach bearta réasúnta chun margadhluach cóir a fháil nó an praghas is fearr is féidir a fháil sna himthosca agus aon chumhacht díola á feidhmiú acu.
|
|
Airteagal 124 5.
|
Chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh i gcás saoráidí neamhtharraingthe, féadfar liain a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta uile a leagtar amach i mír 3 agus, i gcás inarb infheidhme, mír 4 a aithint i gcás ina bhfuil tarraingt faoin tsaoráid ag brath ar lian a chomhdú roimh ré nó go comhuaineach a mhéid a bhaineann le leas na hinstitiúide sa lian a luaithe a bheidh an tsaoráid tarraingthe, ionas nach mbeidh aon leas ag an institiúid sa lian a mhéid nach dtarraingítear an tsaoráid.
|
|
Airteagal 124 6.
|
Chun críocha Airteagal 125(2) agus Airteagal 126(2), ríomhfar an cóimheas idir neamhchosaint agus luach trí bhíthin an t-ollmhéid neamhchosanta a roinnt faoin luach réadmhaoine faoi réir na gcoinníollacha a leanas:
(a)
ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta mar luach cuntasaíochta na hítime sócmhainne a bhaineann leis an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe agus aon mhéid neamhtharraingthe, ach atá geallta, a mhéadóidh luach neamhchosanta na neamhchosanta arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe nuair a tharraingeofar é; ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta sin gan an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(i)
coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110;
(ii)
coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 maidir le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide;
(iii)
méideanna arna asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m); agus
(iv)
laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne;
(b)
ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta gan aon chineál cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe a chur san áireamh, ach amháin le haghaidh cuntais taisce gheallta atá ag an institiúid iasachtaí a chomhlíonann gach ceanglas i gcás glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, faoi na máistir-chomhaontuithe glanluachála i gcomhréir le hAirteagail 196 agus 206 nó faoi chomhaontuithe glanluachála eile laistigh den chlár chomhardaithe i gcomhréir le hAirteagail 195 agus 205 agus atá geallta go neamh-choinníollach agus go neamh-inchúlghairthe chun an oibleagáid chreidmheasa a bhaineann leis an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin;
(c)
i gcás neamhchosaintí nach mór a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 125(2) nó Airteagal 126(2) i gcás ina bhfuil lian sinsearach i seilbh páirtí seachas an institiúid agus ina bhfuil lian sóisearach i seilbh na hinstitiúide atá aitheanta faoi mhír 4 den Airteagal seo, ríomhfar ollmhéid neamhchosanta mar shuim ollmhéid neamhchosanta an liain atá i seilbh na hinstitiúide agus ollmhéideanna neamhchosanta do gach lian eile ag a bhfuil sinsearacht rangaithe atá cothrom leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, nó atá níos airde ná é.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina bhfuil níos mó ná neamhchosaint amháin urraithe leis an réadmhaoin dhochorraithe chéanna ag institiúid agus i gcás ina bhfuil na neamhchosaintí sin urraithe le liain ar an réadmhaoin dhochorraithe sin atá seicheamhach ó thaobh ordú rangaithe gan lian i seilbh tríú páirtí rangaithe eatarthu, déanfar na neamhchosaintí a láimhseáil mar chomh-neamhchosaint amháin agus suimeálfar na hollmhéideanna neamhchosanta le haghaidh na neamhchosaintí aonair chun an t-ollmhéid neamhchosanta a ríomh don chomh-neamhchosaint amháin. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), i gcás ina bhfuil easpa faisnéise chun gur féidir rangú na lian eile a fhionnadh, déanfaidh an institiúid rangú na lian sin a láimhseáil pari passu leis an lian sóisearach atá i seilbh na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid an t-ualú riosca a chinneadh ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 125(2) nó Airteagal 126(2) (“an bun-ualú riosca”), de réir mar is infheidhme. Coigeartóidh sé an t-ualú riosca ansin faoi iolraitheoir 1,25 , chun méideanna na lian sóisearach a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh. I gcás ina bhfuil an bun-ualú riosca i gcomhréir leis an mbuicéad neamhchosanta agus luacha is ísle, ní chuirfear an t-iolraitheoir i bhfeidhm. Déanfar an t-ualú riosca atá ann mar thoradh ar an mbun-ualú riosca a iolrú faoi 1,25 a uasteorannú ag an ualú riosca a chuirfí i bhfeidhm ar an neamhchosaint mura gcomhlíonfaí na ceanglais i mír 3.
|
|
Airteagal 124 7.
|
Neamhchosaintí ar thionónta faoi idirbheart léasaithe réadmhaoine dochorraithe faoinarb í an institiúid an léasóir agus a bhfuil sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, cáileoidh siad mar neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe agus déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 125 nó Airteagal 126 má chomhlíontar na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach san Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil neamhchosaint na hinstitiúide urraithe lena húinéireacht ar an maoin.
|
|
Airteagal 124 8.
|
Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 9 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin. I gcás inarb é an t-údarás inniúil an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás inniúil sin a áirithiú go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí sa mheasúnú ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 9. I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d’aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúbailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.
|
|
Airteagal 124 9.
|
Bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil, agus ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na hualuithe riosca a leagtar síos in Airteagail 125 agus 126 do neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe atá suite ar chríoch Bhallstát an údaráis sin atá bunaithe go hiomchuí ar an méid a leanas:
(a)
caillteanas taithí na neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe;
(b)
forbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh réadmhaoine dochorraithe.
I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe riosca a leagtar amach in Airteagal 125 nó 126 na rioscaí iarbhír a bhaineann le neamhchosaintí maidir le deighleog amháin réadmhaoine nó maidir le níos mó deighleog réadmhaoine arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis sin, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhdhóthanacht na n-ualuithe riosca difear díobhálach a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe riosca is infheidhme ar na neamhchosaintí sin a mhéadú laistigh de na raonta a shocraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin. Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartú ar na hualuithe riosca agus ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra sin a fháil, tabharfaidh ÚBE agus BERS a dtuairim don Bhallstát lena mbaineann agus féadfaidh siad a lua sa tuairim sin, i gcás inar gá, cé acu an measann siad nó nach measann siad go moltar na coigeartuithe ar ualuithe riosca agus ar chritéir do Bhallstáit eile freisin. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe riosca agus na critéir le haghaidh neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagail 125 agus 126 agus in Airteagal 199(1), pointe (a), arna gcur chun feidhme ag an údarás ábhartha. Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás a ainmnítear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo na hualuithe riosca a leagtar síos in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, in Airteagal 125(2), an chéad fhomhír, in Airteagal 126(1), an chéad fhomhír, nó in Airteagal 126(2), an chéad fhomhír, a mhéadú, nó féadfaidh sé critéir níos déine a fhorchur ná iad siúd a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo i gcás neamhchosaintí ar dheighleog réadmhaoine amháin nó níos mó arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstáit an údaráis sin. Ní mhéadóidh an t-údarás sin na hualuithe riosca sin go breis agus 150 %. Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo na céatadáin den luach réadmhaoine dá dtagraítear in Airteagal 125(1) nó in Airteagal 126(1), nó na céatadáin neamhchosanta agus luacha a shainíonn an buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha a leagtar amach in Airteagal 125(2), Tábla 1, nó in Airteagal 126(2), Tábla 1, a laghdú freisin. Áiritheoidh an t-údarás ábhartha comhsheasmhacht thar gach buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha, ionas gurb ísle i gcónaí an t-ualú riosca a bhaineann le buicéad ualaithe riosca neamhchosanta nó luacha níos ísle ná an t-ualú riosca a bhaineann le buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha níos airde, nó gurb ionann iad.
|
|
Airteagal 124 10.
|
I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 ualuithe riosca níos airde nó critéir níos déine a shocrú de bhun mhír 9, beidh idirthréimhse 6 mhí ag institiúidí chun na hualuithe riosca nua a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 124 11.
|
Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun cineálacha tosca atá le meas chun a iomchuí atá na hualuithe riosca dá dtagraítear i mír 9 a mheasúnú a shainiú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 124 12.
|
Féadfaidh BERS, trí bhíthin moltaí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo maidir leis an dá ní seo a leanas:
(a)
na tosca a d’fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 9, an dara fomhír;
(b)
tagarmharcanna táscacha atá le cur san áireamh ag an údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 agus ualuithe riosca níos airde á socrú.
|
|
Airteagal 124 13.
|
Cuirfidh institiúidí arna mbunú i mBallstát na hualuithe riosca agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis de chuid Ballstáit eile i gcomhréir le mír 9 i bhfeidhm maidir lena neamhchosaintí comhfhreagracha arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna den Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 124 14.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a bhfuil i gceist le sásra dlíthiúil coibhéiseach atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcríochnófar an réadmhaoin atá á tógáil laistigh de thréimhse ama réasúnach, a shonrú, i gcomhréir le mír 3, pointe (a)(iii)(2). Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|