+Airteagal 126 2.

Airteagal 126 2.

Déanfar an t-ualú riosca a socraíodh i gcomhréir le luach na neamhchosanta maidir leis an mbuicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha faoi seach i dTábla 1 a shannadh do neamhchosaint dá dtagraítear in Airteagal 124(2), pointe (b)(ii).

Chun críocha na míre seo, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), i gcás inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán neamhchosanta agus luacha atá níos ísle ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).


Tábla 1

 

ETV ≤ 60 %

60 % < ETV ≤ 80 %

ETV > 80 %

Ualú riosca

70 %

90 %

110 %

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 430a(3), rátaí caillteanais na neamhchosaintí sin nach mó iad, bunaithe ar na sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú ag na hinstitiúidí sa Bhallstát sin le haghaidh an mhargaidh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta sin, ná aon cheann de na teorainneacha seo a leanas le haghaidh caillteanais chomhiomlána thar na hinstitiúidí uile agus na neamhchosaintí sin a bhí ann an bhliain roimhe:

(a) 

ní mó ná 0,3  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (d), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f);

(b) 

ní mó ná 0,5  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (e), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas