+Airteagal 126 4.
|
Airteagal 126 4.
Déanfaidh ÚBE measúnú ar a iomchuí atá sé coigeartú a dhéanamh ar láimhseáil na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear neamhchosaintí IPRE agus neamh-IPRE, agus oiriúnacht na n-ualuithe rioscaí agus na difríochtaí coibhneasta i neamhchosaintí riosca arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, na difríochtaí in íogaireacht riosca neamhchosaintí IPRE arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125(2), Tábla 1, agus neamhchosaintí IPRE arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe thráchtála dá dtagraítear i dTábla 1 san Airteagal seo agus moltaí BERS maidir leis na leochaileachtaí in earnáil na réadmhaoine dochorraithe tráchtála san Aontas á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar a thorthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2027. Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus aird chuí á tabhairt aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2028.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|