|
+Airteagal 129 1. |
Airteagal 129 1.►M10 Chun bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, leis na bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ( 32 ) comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3, 3a agus 3b den Airteagal sin agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas: ◄
(a)
►C9 neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;
(b)
►C9 neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;
(c)
risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i gcás ina bhfuil na risíochtaí sin sna foirmeacha seo a leanas:
(i)
taiscí gearrthéarma lena ngabhann aibíocht bhunaidh nach mó ná 100 lá, i gcás ina n‐úsáidtear na taiscí sin chun an ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a chomhlíonadh; nó
(ii)
conarthaí díorthacha a chomhlíonann ceanglais Airteagal 11(1) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil sin ceadaithe ag na húdaráis inniúla;
(d)
iasachtaí a urraítear le maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall;
(e)
iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais ►C9 riosca ◄ creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. ►C2 Déanfaidh an institiúid chreidmheasa agus soláthraí na cosanta araon measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ar an iasachtaí; ◄
(f)
iasachtaí a urraítear le maoin tráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall. Tá iasachtaí arna n‐urrú le maoin tráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar cóimheas iasachta/luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus ina gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht;
(g)
iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin. Chun críocha mhír 1a, maidir le risíochtaí a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n‐oibleagáideoirí i leith iasachtaí arna n‐urrú le maoin gheallta de chuid na n‐urrús fiachais nó de dhroim tharchur agus bhainistiú na bhfáltas leachtachta i dtaca le hiasachtaí den sórt sin, ní chuirfear san áireamh iad i ríomh na dteorainneacha dá dtagraítear sa mhír sin. Gan dochar don chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo, go dtí an 1 Iúil 2027, déanfar neamhchosaintí indíreacha ar institiúidí creidmheasa gan rátáil sheachtrach lena ráthaítear iasachtaí morgáiste go dtí a gclárú chun críocha an phointe sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ar choinníoll gur neamhchosaintí gearrthéarmacha iad a shanntar do ghrád A faoi Airteagal 121 agus go mbeidh na hiasachtaí morgáiste ráthaithe, a luaithe a chlárófar iad, incháilithe don láimhseáil fhabhrach de bhun na chéad fhomhíre, pointí (d), (e) agus (f), den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|