+Airteagal 129 ►C9Neamhchosaintí◄i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
---+Airteagal 129 1.
---+Airteagal 129 1a.
---+Airteagal 129 1b.
---+Airteagal 129 1c.
---+Airteagal 129 1d.
---+Airteagal 129 2.
---+Airteagal 129 3.
---+Airteagal 129 3a.
---+Airteagal 129 3b.
---+Airteagal 129 4.
---+Airteagal 129 5.
---+Airteagal 129 6.
---+Airteagal 129 7.

Airteagal 129 ►C9Neamhchosaintí◄i bhfoirm bannaí faoi chumhdach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 129 1.

►M10  Chun bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, leis na bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ( 32 ) comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3, 3a agus 3b den Airteagal sin agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas: ◄

(a) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;

(b) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus ►C9  neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus ►C9  neamhchosaintí ◄ i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;

▼M10

(c) 

risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i gcás ina bhfuil na risíochtaí sin sna foirmeacha seo a leanas:

(i) 

taiscí gearrthéarma lena ngabhann aibíocht bhunaidh nach mó ná 100 lá, i gcás ina n‐úsáidtear na taiscí sin chun an ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a chomhlíonadh; nó

(ii) 

conarthaí díorthacha a chomhlíonann ceanglais Airteagal 11(1) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil sin ceadaithe ag na húdaráis inniúla;

(d) 

iasachtaí a urraítear le maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall;

▼B

(e) 

iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais ►C9  riosca ◄ creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. ►C2  Déanfaidh an institiúid chreidmheasa agus soláthraí na cosanta araon measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ar an iasachtaí; ◄

▼M10

(f) 

iasachtaí a urraítear le maoin tráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall. Tá iasachtaí arna n‐urrú le maoin tráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar cóimheas iasachta/luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus ina gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht;

▼B

(g) 

iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin.

Chun críocha mhír 1a, maidir le risíochtaí a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n‐oibleagáideoirí i leith iasachtaí arna n‐urrú le maoin gheallta de chuid na n‐urrús fiachais nó de dhroim tharchur agus bhainistiú na bhfáltas leachtachta i dtaca le hiasachtaí den sórt sin, ní chuirfear san áireamh iad i ríomh na dteorainneacha dá dtagraítear sa mhír sin.

Gan dochar don chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo, go dtí an 1 Iúil 2027, déanfar neamhchosaintí indíreacha ar institiúidí creidmheasa gan rátáil sheachtrach lena ráthaítear iasachtaí morgáiste go dtí a gclárú chun críocha an phointe sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ar choinníoll gur neamhchosaintí gearrthéarmacha iad a shanntar do ghrád A faoi Airteagal 121 agus go mbeidh na hiasachtaí morgáiste ráthaithe, a luaithe a chlárófar iad, incháilithe don láimhseáil fhabhrach de bhun na chéad fhomhíre, pointí (d), (e) agus (f), den mhír seo.

Airteagal 129 1a.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;

(b) 

i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;

(c) 

i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a bheidh i bhfoirm taiscí gearrthéarma, dá dtagraítear i bpointe (c)(i) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, nó i bhfoirm conarthaí díorthacha, dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní rachaidh an risíocht iomlán thar 8 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna; maidir leis na húdaráis inniúla arna n‐ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2019/2162, féadfaidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, risíochtaí a cheadú ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i bhfoirm conarthaí díorthach, ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar fhadhbanna suntasacha comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann mar thoradh ar na ceanglais i leith chéim 1 agus 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm;

(d) 

maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna agus maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna.

Airteagal 129 1b.
Ní bheidh feidhm ag mír 1a den Airteagal seo maidir le húsáid bannaí faoi chumhdach mar chomhthaobhacht incháilithe mar a cheadaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/2019/2162.
Airteagal 129 1c.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an teorainn 80 % ar bhonn iasacht ar iasacht, cinnfear léi an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach, agus beidh feidhm aici i rith aibíocht iomlán na hiasachta.
Airteagal 129 1d.
Chun críocha phointí (f) agus (g) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag na teorainneacha 60 % nó 70 % ar bhonn iasacht ar iasacht, cinnfear leo an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach, agus beidh feidhm acu i rith aibíocht iomlán na hiasachta.
Airteagal 129 2.
Áireofar freisin sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) go (f) comhthaobhacht atá srianta go heisiach ag reachtaíocht chun sealbhóirí bannaí a chosaint i gcoinne caillteanas.
Airteagal 129 3.
I gcás maoin dhochorraithe agus longa a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann an Rialachán seo, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208. An faireachán a dhéantar ar luachanna maoine i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 208(3), déanfar é go minic agus uair sa bhliain ar a laghad i gcás gach maoine dochorraithe agus loinge.

Chun réadmhaoin dhochorraithe a luacháil, féadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2162 a cheadú an réadmhaoin sin a luacháil ar an margadhluach nó luach níos ísle, nó sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste i bhforálacha reachtúla nó rialúcháin, ag luach iasachta morgáiste na réadmhaoine sin, gan na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 229(1), pointe (e) den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm.

Airteagal 129 3a.

Sa bhreis ar na sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhthaobhú, beidh bannaí faoi chumhdach faoi réir íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh 5 % mar a shainmhínítear i bpointe (14) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh méid ainmniúil iomlán na sócmhainní cumhdaigh uile mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 3 den Treoir sin ar aon luach ar a laghad le méid ainmniúil iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc (“prionsabal ainmniúil”) agus sócmhainní incháilithe amhail mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bheidh iontu.

Féadfaidh na Ballstáit íosleibhéal níos ísle ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh a shocrú maidir le bannaí faoi chumhdach nó féadfaidh siad údarú a thabhairt dá n‐údaráis inniúla leibhéal den sórt sin a shocrú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:

(a) 

tá ríomh an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh bunaithe ar chur chuige foirmiúil lena ndéantar priacal foluiteach na sócmhainní a chur san áireamh, sin nó tá luacháil na sócmhainní faoi réir an luacha iasachta morgáiste; agus

(b) 

níl íosleibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh níos ísle ná 2 % bunaithe ar an bprionsabal ainmniúil dá dtagraítear in Airteagal 15(6) agus (7) de Threoir (AE) 2019/2019/2162.

Ní bheidh na sócmhainní a chuirtear san áireamh in íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh faoi réir na dteorainneacha ar mhéid risíochta amhail mar a leagtar amach i mír 1a agus ní áireofar iad faoi chomhair na dteorainneacha sin.

Airteagal 129 3b.
Féadfar sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur san áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh mar shócmhainní ionadaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (13) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162, faoi réir na dteorainneacha ar cháilíocht chreidmheasa agus ar mhéid risíochta a leagtar amach i míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo.
Airteagal 129 4.

I gcás bannaí faoi chumhdach a bhfuil measúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach agus a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.



Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú riosca

10 %

20 %

20 %

50 %

50 %

100 %

Airteagal 129 5.

I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach agus a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe riosca a sannadh do neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagras seo a leanas idir ualuithe riosca:

(a) 

má dhéantar ualú riosca 20 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(aa) 

má dhéantar ualú riosca 30 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 15 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(ab) 

má dhéantar ualú riosca 40 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(b) 

má dhéantar ualú riosca 50 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 25 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(ba) 

má dhéantar ualú riosca 75 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 35 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(c) 

má dhéantar ualú riosca 100 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(d) 

má dhéantar ualú riosca 150 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.

Airteagal 129 6.
Ní bheidh bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 1, 1a, 3, 3a agus 3b. Beidh siad incháilithe do láimhseáil fhabhrach faoi mhíreanna 4 agus 5 go dtí a n‐aibíocht.
Airteagal 129 7.
Bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 3a agus 3b. Beidh siad incháilithe do láimhseáil fhabhrach faoi mhíreanna 4 agus 5 go dtí a n‐aibíocht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas