|
+Airteagal 129 1a. |
Airteagal 129 1a.Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;
(b)
i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;
(c)
i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a bheidh i bhfoirm taiscí gearrthéarma, dá dtagraítear i bpointe (c)(i) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, nó i bhfoirm conarthaí díorthacha, dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní rachaidh an risíocht iomlán thar 8 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna; maidir leis na húdaráis inniúla arna n‐ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2019/2162, féadfaidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, risíochtaí a cheadú ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i bhfoirm conarthaí díorthach, ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar fhadhbanna suntasacha comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann mar thoradh ar na ceanglais i leith chéim 1 agus 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm;
(d)
maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna agus maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|