+Airteagal 129 5.

Airteagal 129 5.

I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach agus a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe riosca a sannadh do neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagras seo a leanas idir ualuithe riosca:

(a) 

má dhéantar ualú riosca 20 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(aa) 

má dhéantar ualú riosca 30 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 15 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(ab) 

má dhéantar ualú riosca 40 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(b) 

má dhéantar ualú riosca 50 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 25 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(ba) 

má dhéantar ualú riosca 75 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 35 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(c) 

má dhéantar ualú riosca 100 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(d) 

má dhéantar ualú riosca 150 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas