|
+Airteagal 133 1. |
Airteagal 133 1.Aicmeofar an méid ar fad seo a leanas mar neamhchosaintí cothromais:
(a)
aon neamhchosaint a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(i)
níl sí infhuascailte sa chiall nach féidir fáltas na gcistí infheistithe a bhaint amach ach amháin trí bhíthin dhíol na hinfheistíochta nó dhíol na gceart ar an infheistíocht nó leachtú an eisitheora;
(ii)
ní oibleagáid de chuid an eisitheora í;
(iii)
cuireann sí éileamh iarmharach ar na sócmhainní nó ar ioncam an eisitheora in iúl;
(b)
ionstraimí a cháileodh mar ítimí Shraith 1 dá n-eiseodh institiúid iad;
(c)
ionstraimí atá mar chuid d’oibleagáid de chuid an eisitheora agus a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(i)
tá an t-eisitheoir in ann socraíocht na hoibleagáide a iarchur gan uair a cheapadh;
(ii)
éilítear leis an oibleagáid, nó ceadaítear léi ar dhiscréid an eisitheora, socraíocht trí bhíthin líon socraithe de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint;
(iii)
éilítear leis an oibleagáid, nó ceadaítear léi ar dhiscréid an eisitheora, socraíocht trí bhíthin líon athraitheach de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint agus, ceteris paribus, tá aon athrú ar luach na hoibleagáide inchurtha leis an athrú ar luach líon socraithe de scaireanna cothromais an eisitheora, inchomparáide leis, agus sa treo céanna leis;
(iv)
tá an rogha ag sealbhóir na hionstraime a éileamh go socrófar an oibleagáid i scaireanna cothromais, mura gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha a leanas:
(1)
i gcás ionstraim thrádáilte, tá léirithe ag an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go dtrádáiltear an ionstraim ar an margadh ar bhealach níos cosúla le fiachas an eisitheora ná an cothromas;
(2)
i gcás ionstraimí neamhthrádáilte, tá léirithe ag an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil gur cheart an ionstraim a láimhseáil mar shuíomh fiachais;
(d)
oibleagáidí fiachais agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh nó uirlisí eile atá struchtúrtha ar bhealach a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na neamhchosaintí atá sonraithe i bpointí (a), (b) agus (c), lena n-áirítear dliteanais óna bhfuil an fáltas nasctha leis na cothromais;
(e)
neamhchosaintí cothromais a thaifeadtar mar iasacht ach a eascraíonn as babhtáil fiachais ar chothromas arna déanamh mar chuid de réadú ordúil nó athstruchtúrú an fhiachais. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c)(iii), cuirtear ar áireamh sna hoibleagáidí iad siúd a éilíonn nó a cheadaíonn socraíocht trí bhíthin líon athraitheach de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint ar ina leith is ionann an t-athrú ar luach airgeadúil na hoibleagáide agus an t-athrú ar luach cóir líon socraithe scaireanna cothromais arna n-iolrú faoi fhachtóir sonraithe, sa chás ina bhfuil an fachtóir agus an líon tagartha scaireanna socraithe. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c)(iv), i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos sa phointe sin, féadfaidh an institiúid na rioscaí a mhiondealú chun críoch reachtúil, faoi réir réamhcheadú ón údarás inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|