|
+Airteagal 137 1. |
Airteagal 137 1.Chun críocha Airteagal 114, féadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a d'ainmnigh an institiúid a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is scór riosca na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa “Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil” de chuid an ECFE;
(b)
foilsíonn an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a measúnuithe creidmheasa, agus glacann an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE, agus tá baint ag an measúnú creidmheasa le ceann de na hocht íosphréimheanna árachais onnmhairiúcháin a bhunaítear le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|