+Airteagal 139 Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna
---+Airteagal 139 1.
---+Airteagal 139 2.
---+Airteagal 139 3.
---+Airteagal 139 4.

Airteagal 139 Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 139 1.
I gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna ar leis nó léi an ítim arb í an ►C9  neamhchosaint ◄ í, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an ►C9  t-ualach riosca ◄ a shannfar don ítim sin a chinneadh.
Airteagal 139 2.

I gcás nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach ann a bhaineann le hítim áirithe, ach go bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna nach leis nó léi an ítim arb í an ►C9  neamhchosaint ◄ í nó go bhfuil measúnú ginearálta creidmheasa ann a bhaineann leis an eisitheoir, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

▼M17

(a) 

táirgeann an measúnú creidmheasa ualú riosca níos airde ná mar a bheadh amhlaidh dá ndéanfaí an neamhchosaint a láimhseáil mar neamhchosaint gan rátáil agus tá an méid a leanas fíor i gcás na neamhchosanta lena mbaineann:

(i) 

ní neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe í;

(ii) 

rangaítear an neamhchosaint pari passu nó ar chéim níos sóisearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is ábhartha;

(b) 

táirgeann an measúnú creidmheasa ualú riosca níos ísle ná mar a bheadh amhlaidh i gcás ina ndéanfaí an neamhchosaint a láimhseáil mar neamhchosaint gan rátáil agus tá an méid a leanas fíor i gcás na neamhchosanta lena mbaineann:

(i) 

ní neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe í;

(ii) 

rangaítear an neamhchosaint pari passu nó ar chéim níos sinsearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is ábhartha.

▼B

I ngach cás eile, láimhseálfar an ►C9  neamhchosaint ◄ mar ►C9  neamhchosaint ◄ gan rátáil.

Airteagal 139 3.
Níl sé i gceist le mír 1 agus mír 2 cur chun feidhme Airteagal 129 a chosc.
Airteagal 139 4.
Ní féidir measúnuithe creidmheasa a bhaineann le heisitheoirí laistigh de ghrúpa corparáideach a úsáid mar mheasúnú creidmheasa ar eisitheoir eile laistigh den ghrúpa corparáideach céanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas