+Airteagal 144 Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid
---+Airteagal 144 1.
---+Airteagal 144 2.
|
Airteagal 144 Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 144 1.
|
Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun
►C9
neamhchosaintí ◄ ar
►C9
riosca ◄ creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:
(a)
tugann córais rátála na hinstitiúide deis measúnú fóinteach a dhéanamh ar thréithe an oibleagáideora agus na n-idirbheart, idirdhealú fóinteach a dhéanamh ar
►C9
riosca ◄ agus meastacháin bheachta agus chomhsheasmhacha chainníochtúla a dhéanamh ar
►C9
riosca ◄ ;
(b)
tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta
►C9
riosca ◄ agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;
(c)
tá aonad rialaithe
►C9
riosca ◄ creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;
(d)
bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun
►C9
riosca ◄ creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;
(e)
déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;
▼M17
(f)
rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála i dtréimhse iomchuí sula bhfuair sí cead an córas rátála sin a úsáid, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann gach córas rátála do raon feidhme an chórais rátála sin, agus, bunaithe ar an measúnú a bheith déanta aici, rinne sí na hathruithe is gá ar gach córas rátála;
▼M8
(g)
rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;
▼M17
(h)
tá an institiúid tar éis gach neamhchosaint a shannadh, agus leanfaidh sí den sannadh sin, i réimse cur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála sin.
▼B
Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 144 2.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht mheasúnúcháin a shonrú le leanúint ag na húdaráis inniúla le linn dóibh measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh institiúide leis na ceanglais chun Cur Chuige IRB a úsáid. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|