|
+Airteagal 144 1. |
Airteagal 144 1.Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun ►C9 neamhchosaintí ◄ ar ►C9 riosca ◄ creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:
(a)
(b)
tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta ►C9 riosca ◄ agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;
(c)
tá aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;
(d)
bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun ►C9 riosca ◄ creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;
(e)
déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;
(f)
rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála i dtréimhse iomchuí sula bhfuair sí cead an córas rátála sin a úsáid, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann gach córas rátála do raon feidhme an chórais rátála sin, agus, bunaithe ar an measúnú a bheith déanta aici, rinne sí na hathruithe is gá ar gach córas rátála;
(g)
rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;
(h)
tá an institiúid tar éis gach neamhchosaint a shannadh, agus leanfaidh sí den sannadh sin, i réimse cur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála sin. Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|