+Airteagal 147 2.

Airteagal 147 2.

Sannfar gach neamhchosaint do cheann de na haicmí neamhchosanta a leanas:

(a) 

neamhchosaintí ar rialtas láir agus ar bhainc cheannais;

(aa) 

neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí atá le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:

(i) 

neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;

(ii) 

neamhchosaintí ar eintitis earnála poiblí;

(b) 

neamhchosaintí ar institiúidí;

(c) 

neamhchosaintí ar chomhlachtaí corpraithe, le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:

(i) 

corparáidí ginearálta;

(ii) 

neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe;

(iii) 

earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha;

(d) 

neamhchosaintí miondíola, le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:

(i) 

neamhchosaintí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol (“QRREnna”);

(ii) 

neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe;

(iii) 

earraí infhaighte ceannaithe ar mhiondíol;

(iv) 

neamhchosaintí eile miondíola;

(e) 

neamhchosaintí ar chothromas;

(ea) 

neamhchosaintí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC;

(f) 

ítimí in ionannas le suíomhanna urrúsúcháin;

(g) 

sócmhainní oibleagáide neamhchreidmheasa eile.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas