+Airteagal 147 Modheolaíocht chun►C9neamhchosaint◄a shannadh d'aicmí►C9neamhchosanta◄
---+Airteagal 147 1.
---+Airteagal 147 2.
---+Airteagal 147 3.
---+Airteagal 147 3a.
---+Airteagal 147 4.
---+Airteagal 147 5.
---+Airteagal 147 5a.
---+Airteagal 147 6.
---+Airteagal 147 7.
---+Airteagal 147 8.
---+Airteagal 147 9.
---+Airteagal 147 10.
---+Airteagal 147 11.
---+Airteagal 147 12.

Airteagal 147 Modheolaíocht chun►C9neamhchosaint◄a shannadh d'aicmí►C9neamhchosanta◄

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 147 1.
Beidh an mhodheolaíocht a úsáidfidh an institiúid chun ►C9  neamhchosaintí ◄ a shannadh d'aicmí ►C9  neamhchosanta ◄ éagsúla iomchuí agus comhsheasmhach le himeacht ama.
Airteagal 147 2.

Sannfar gach neamhchosaint do cheann de na haicmí neamhchosanta a leanas:

(a) 

neamhchosaintí ar rialtas láir agus ar bhainc cheannais;

(aa) 

neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí atá le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:

(i) 

neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;

(ii) 

neamhchosaintí ar eintitis earnála poiblí;

(b) 

neamhchosaintí ar institiúidí;

(c) 

neamhchosaintí ar chomhlachtaí corpraithe, le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:

(i) 

corparáidí ginearálta;

(ii) 

neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe;

(iii) 

earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha;

(d) 

neamhchosaintí miondíola, le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:

(i) 

neamhchosaintí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol (“QRREnna”);

(ii) 

neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe;

(iii) 

earraí infhaighte ceannaithe ar mhiondíol;

(iv) 

neamhchosaintí eile miondíola;

(e) 

neamhchosaintí ar chothromas;

(ea) 

neamhchosaintí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC;

(f) 

ítimí in ionannas le suíomhanna urrúsúcháin;

(g) 

sócmhainní oibleagáide neamhchreidmheasa eile.

Airteagal 147 3.

Déanfar na ►C9  neamhchosaintí ◄ seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 2:

▼M17 —————

▼B

(b) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar bhainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);

(c) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 118, a mheallann ►C9  ualach riosca ◄ 0 % faoi na hAirteagail sin.

Airteagal 147 3a.
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, sannfar neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo i gcás ina ndéantar na neamhchosaintí sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 115 nó 116.
Airteagal 147 4.

Déanfar na ►C9  neamhchosaintí ◄ seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (b) de mhír 2:

▼M17 —————

▼B

(c) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar bhainc forbartha iltaobhacha nach sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117; agus

(d) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5).

Airteagal 147 5.

Le bheith incháilithe d'aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol atá leagtha amach i bpointe (d) de mhír 2, comhlíonfaidh ►C9  neamhchosaintí ◄ na critéir seo a leanas:

(a) 

beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leo:

(i) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó;

▼M17

(ii) 

neamhchosaintí ar FBM, ar choinníoll sa chás sin nach mó an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus dá fochuideachtaí, lena n-áirítear aon neamhchosaint ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag an ngrúpa cliant nasctha, ach gan neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, suas go dtí an luach réadmhaoine san áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, ná EUR 1 mhilliún, a dhéanfaidh bearta réasúnta chun méid na neamhchosaintí sin a fhíorú;

(iii) 

neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, lena n-áirítear an chéad lian agus liain ina dhiaidh sin, iasachtaí téarma, línte creidmheasa cothromais tí imrothlacha, agus neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 108(4) agus (5), gan beann ar mhéid na neamhchosanta, ar choinníoll gur ceann díobh seo a leanas atá sa neamhchosaint:

(1) 

neamhchosaint ar dhuine nádúrtha;

(2) 

neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine aonair atá rialáilte faoin dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;

▼B

(b) 

déanann an institiúid iad a láimhseáil sa bhainistíocht ►C9  riosca ◄ a bhíonn ar bun aici agus déantar é sin go comhsheasmhach le himeacht ama agus ar bhealach dá samhail;

▼M17

(c) 

ní bhainistítear iad díreach chomh haonarach agus a dhéantar le neamhchosaintí sna haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(i), (ii) nó (iii);

▼B

(d) 

tá gach ceann in ionannas le ceann as líon suntasach ►C9  neamhchosaintí ◄ a bhainistítear ar an gcaoi chéanna.

Anuas ar na ►C9  neamhchosaintí ◄ atá liostaithe sa chéad fhomhír, áireofar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol in aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol.

Sannfar na neamhchosaintí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a)(iii), pointí (b), (c) agus (d), den mhír seo don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(ii).

De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh údaráis inniúla iasachtaí le daoine nádúrtha a bhfuil níos mó ná ceithre réadmhaoin dhochorraithe nó aonad tithíochta faoi mhorgáiste acu, lena n-áirítear iasachtaí le daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(4), a eisiamh ón aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(ii), lena n-áirítear iasachtaí le daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(4), agus na hiasachtaí sin a shannadh do cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(i), (ii) nó (iii).

Airteagal 147 5a.

Déanfar neamhchosaintí miondíola a bhaineann le cineál neamhchosaintí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas a shannadh don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(i):

(a) 

is ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó a bheidh neamhchosaintí an chineáil sin neamhchosaintí;

(b) 

is neamhchosaintí den chineál sin neamhchosaintí iad atá imrothlach, neamhurraithe, agus, sa mhéid nach dtarraingítear láithreach agus go neamhchoinníollach iad, inchealaithe ag an institiúid;

(c) 

EUR 100 000 nó níos lú an neamhchosaint uasta ar dhuine nádúrtha sa chineál sin neamhchosanta;

(d) 

thaispeáin an cineál sin neamhchosaintí luaineacht íseal maidir le rátaí caillteanais, i gcoibhneas lena mheánleibhéal rátaí caillteanais, go háirithe laistigh de bhannaí ísle PD;

(e) 

tá láimhseáil na neamhchosaintí arna sannadh don chineál sin neamhchosaintí mar neamhchosaint imrothlach cháilitheach miondíola comhsheasmhach le saintréithe riosca foluiteacha an chineáil sin neamhchosaintí.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bheith neamhurraithe maidir le saoráidí creidmheasa comhthaobhaithe atá nasctha le cuntas pá. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh méideanna a gnóthaíodh ón gcomhthaobhacht sna meastacháin LGD.

Sainaithneoidh institiúidí laistigh den aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(i), neamhchosaintí ar oibreoir (“oibreoirí QRRE”) agus neamhchosaintí nach neamhchosaintí ar oibreoir iad (“imrothlóirí QRRE”). Go háirithe, sainaithneofar QRREnna a bhfuil níos lú ná 12 mhí de stair aisíocaíochta acu mar imrothlóirí QRRE.

Airteagal 147 6.
Mura sanntar iad don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (ea), den Airteagal seo, déanfar na neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 133(1) a shannadh don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), den Airteagal seo.
Airteagal 147 7.
Maidir le haon oibleagáid chreidmheasa nach bhfuil sannta do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), pointe (aa)(i) nó (ii), pointe (b), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv), pointe (e), (ea) nó (f), sannfar iad do cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i bpointe (c)(i), (ii) nó (iii) den mhír sin.
Airteagal 147 8.

Laistigh d'aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar chorparáidí atá leagtha amach i bpointe (c) de mhír 2, déanfaidh institiúidí ►C9  neamhchosaintí ◄ a bhfuil na tréithe seo a leanas acu a aithint ar leithligh mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe:

(a) 

is ►C9  neamhchosaint ◄ ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is ►C9  neamhchosaint ◄ í atá inchomparáide go heacnamaíoch;

(b) 

tugann na socruithe conarthacha roinnt mhaith rialaithe don iasachtóir ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;

(c) 

is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní a bheith maoinithe, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.

Sannfar na neamhchosaintí sin don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(ii), agus déanfar iad a chatagóiriú mar a leanas: “maoiniú tionscadail” (PF), “maoiniú réada” (OF), “maoiniú tráchtearraí” (CF) agus “réadmhaoin a ghineann ioncam” (IPRE).

Airteagal 147 9.
Déanfar luach iarmharach na maoine léasaithe a shannadh don aicme ►C9  neamhchosanta ◄ atá leagtha amach i bpointe (g) de mhír 2, cé is moite a mhéid is atá luach iarmharach ar áireamh cheana féin sa ►C9  neamhchosaint ◄ ar léas atá leagtha amach in Airteagal 166(4).
Airteagal 147 10.
Déanfar an ►C9  neamhchosaint ◄ ar chosaint a sholáthar faoin díorthach creidmheasa bascaeid don n-ú mainneachtain a shannadh don aicme chéanna a leagtar síos i mír 2, a shannfaí na ►C9  neamhchosaintí ◄ sa bhascaed dóibh, ach amháin dá sannfaí na ►C9  neamhchosaintí ◄ aonair sa bhascaed d'aicmí áirithe ►C9  neamhchosaintí ◄ agus go sannfaí an ►C9  neamhchosaint ◄ sa chás sin do na haicmí ►C9  neamhchosanta ◄ corparáidí a leagtar síos i bpointe (c) de mhír 2.
Airteagal 147 11.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

catagóiriú ar PF, OF agus CF, go comhsheasmhach leis na sainmhínithe i gCaibidil 2;

(b) 

cinneadh a dhéanamh maidir le catagóir IPRE, ina sonraítear go háirithe cé na neamhchosaintí ADC agus na neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a fhéadfar a chatagóiriú, nó a dhéanfar a chatagóiriú, mar IPRE.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

Airteagal 147 12.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha agus na critéir a shonrú a thuilleadh chun neamhchosaintí a shannadh do na haicmí dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inar gá, chun na haicmí neamhchosanta sin a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas