+Airteagal 147 5a.

Airteagal 147 5a.

Déanfar neamhchosaintí miondíola a bhaineann le cineál neamhchosaintí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas a shannadh don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(i):

(a) 

is ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó a bheidh neamhchosaintí an chineáil sin neamhchosaintí;

(b) 

is neamhchosaintí den chineál sin neamhchosaintí iad atá imrothlach, neamhurraithe, agus, sa mhéid nach dtarraingítear láithreach agus go neamhchoinníollach iad, inchealaithe ag an institiúid;

(c) 

EUR 100 000 nó níos lú an neamhchosaint uasta ar dhuine nádúrtha sa chineál sin neamhchosanta;

(d) 

thaispeáin an cineál sin neamhchosaintí luaineacht íseal maidir le rátaí caillteanais, i gcoibhneas lena mheánleibhéal rátaí caillteanais, go háirithe laistigh de bhannaí ísle PD;

(e) 

tá láimhseáil na neamhchosaintí arna sannadh don chineál sin neamhchosaintí mar neamhchosaint imrothlach cháilitheach miondíola comhsheasmhach le saintréithe riosca foluiteacha an chineáil sin neamhchosaintí.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bheith neamhurraithe maidir le saoráidí creidmheasa comhthaobhaithe atá nasctha le cuntas pá. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh méideanna a gnóthaíodh ón gcomhthaobhacht sna meastacháin LGD.

Sainaithneoidh institiúidí laistigh den aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(i), neamhchosaintí ar oibreoir (“oibreoirí QRRE”) agus neamhchosaintí nach neamhchosaintí ar oibreoir iad (“imrothlóirí QRRE”). Go háirithe, sainaithneofar QRREnna a bhfuil níos lú ná 12 mhí de stair aisíocaíochta acu mar imrothlóirí QRRE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas