+Airteagal 150 Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan
---+Airteagal 150 1.
---+Airteagal 150 1a.
---+Airteagal 150 2a.

Airteagal 150 Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 150 1.

Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm le haghaidh na neamhchosaintí uile a leanas:

(a) 

neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (e);

(b) 

neamhchosaintí a shanntar d’aicmí neamhchosanta nó do chineálacha neamhchosaintí atá laistigh d’aicme neamhchosanta nach bhfuair institiúidí cead roimh ré ó na húdaráis inniúla Cur Chuige IRB a úsáid ina leith chun na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh.

Féadfaidh institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh d’aicme neamhchosanta ar leith a ríomh, faoi réir réamhchead a fháil ón údarás inniúil, féadfaidh sí an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh den aicme neamhchosanta sin, lena n-áirítear neamhchosaintí ar bhrainsí eachtracha agus grúpaí éagsúla táirgí, i gcás ina bhfuil na cineálacha neamhchosaintí sin neamhábhartha i dtéarmaí méide agus na próifíle riosca braite.

Airteagal 150 1a.

I dteannta na neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, féadfaidh institiúid, faoi réir réamhchead a fháil ón údarás inniúil, an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas i gcás ina gcuirtear Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le cineálacha eile neamhchosaintí laistigh den aicme neamhchosanta chéanna:

(a) 

neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát agus a gcuid rialtas réigiúnach, údarás áitiúil, agus eintiteas earnála poiblí ar an gcoinníoll:

(i) 

nach bhfuil aon difríocht ó thaobh riosca idir na neamhchosaintí ar an rialtas láir sin agus ar na bainc cheannais agus na neamhchosaintí eile sin i ngeall ar shocruithe poiblí sonracha; agus

(ii) 

go ndéantar ualú riosca 0 % a shannadh do neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Airteagal 114(2) nó (4);

(b) 

neamhchosaintí institiúide ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fhochuideachtaí nó fochuideachta a máthairghnóthais é ar an gcoinníoll gurb é atá sa chontrapháirtí ná institiúid nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid airgeadais, cuideachta bainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ag ceanglais stuamachta iomchuí nó gnóthas atá nasctha trí ghaolmhaireacht de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;

(c) 

neamhchosaintí idir institiúidí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 113(7).

Institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca do chineálacha neamhchosaintí ar leith amháin laistigh d’aicme neamhchosanta a ríomh, cuirfidh sí an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir leis na cineálacha neamhchosaintí atá fágtha laistigh den aicme neamhchosanta sin.

I dteannta na neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo agus sa mhír seo, féadfaidh institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm i gcás neamhchosaintí ar eaglaisí agus ar phobail reiligiúnacha, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 115(3).

Airteagal 150 2a.
Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir lena bhfuil i gceist leis na cineálacha neamhchosaintí atá neamhábhartha ó thaobh méide agus na próifíle riosca a bhraitear leo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas