|
+Airteagal 150 1. |
Airteagal 150 1.Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm le haghaidh na neamhchosaintí uile a leanas:
(a)
neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (e);
(b)
neamhchosaintí a shanntar d’aicmí neamhchosanta nó do chineálacha neamhchosaintí atá laistigh d’aicme neamhchosanta nach bhfuair institiúidí cead roimh ré ó na húdaráis inniúla Cur Chuige IRB a úsáid ina leith chun na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh. Féadfaidh institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh d’aicme neamhchosanta ar leith a ríomh, faoi réir réamhchead a fháil ón údarás inniúil, féadfaidh sí an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh den aicme neamhchosanta sin, lena n-áirítear neamhchosaintí ar bhrainsí eachtracha agus grúpaí éagsúla táirgí, i gcás ina bhfuil na cineálacha neamhchosaintí sin neamhábhartha i dtéarmaí méide agus na próifíle riosca braite. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|