|
+Airteagal 164 4a. |
Airteagal 164 4a.Chun críocha mhír 4, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
Beidh feidhm ag íosrátaí ionchuir LGD i mír 4, Tábla 1, maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le cosaint creidmheasa chistithe i gcás ina mbeidh an chosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo;
(b)
seachas i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, beidh feidhm ag na híosrátaí ionchuir LGD i mír 4, Tábla 1, den Airteagal seo maidir le neamhchosaintí arna n-urrú go hiomlán le cosaint creidmheasa chistithe, tar éis na coigeartuithe luaineachta ábhartha a bheith curtha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 230, i gcás inarb ionann luach FCP agus luach na neamhchosanta foluití nó is mó ná an luach sin; chun críoch chur i bhfeidhm na gcoigeartuithe gaolmhara ábhartha, Hc agus Hfx, i gcomhréir le hAirteagal 230, beidh cosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo;
(c)
seachas i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, déantar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint arna n-urrú go páirteach le cosaint creidmheasa chistithe a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Airteagal 161(6);
(d)
i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, socrófar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme ag 5 % gan beann ar an leibhéal comhthaobhachta arna sholáthar leis an réadmhaoin chónaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|