+Airteagal 164 Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
---+Airteagal 164 1.
---+Airteagal 164 2.
---+Airteagal 164 4.
---+Airteagal 164 4a.
---+Airteagal 164 5.
---+Airteagal 164 6.
---+Airteagal 164 7.
---+Airteagal 164 8.
---+Airteagal 164 9.
---+Airteagal 164 10.

Airteagal 164 Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 164 1.
Cuirfidh na hinstitiúidí a meastacháin féin ar LGD ar fáil faoi réir na gceanglas a shonraítear i Roinn 6 den Chaibidil seo agus ar choinníoll go bhfaighidh siad cead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 143. I gcás riosca caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, úsáidfear luach LGD atá cothrom le 100 %. I gcás inar féidir le hinstitiúid a meastacháin caillteanais ionchasaigh ar riosca caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú in PDanna agus in LGDanna ar bhealach iontaofa, féadfaidh an institiúid a meastachán féin ar LGD a úsáid.
Airteagal 164 2.
Féadfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGD de bhun Airteagal 143 i gcás neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar sholáthraí na cosanta, féadfaidh siad an chosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint san LGD i gcomhréir le hAirteagal 183.
Airteagal 164 4.

D’aon toisc chun na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca de agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin miondíola a ríomh, agus go háirithe de bhun Airteagal 154(1), pointe (ii), Airteagal 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), ní bheidh luachanna LGD do gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná na luachanna íosráta ionchuir LGD a leagtar amach i dTábla 1, arna ríomh i gcomhréir le mír 4a den Airteagal seo:



Tábla 1

Íosrátaí ionchuir LGD (LGDíosráta) i gcás neamhchosaintí miondíola

Neamhchosaint gan FCP (LGDíosráta U)

Neamhchosaint arna hurrrú le FCP (LGDíosráta S)

Neamhchosaint mhiondíola arna hurrú le réadmhaoin chónaithe

Ní bhaineann le hábhar

Neamhchosaint mhiondíola arna hurrú le réadmhaoin chónaithe

5 %

QRRE

50 %

QRRE

Ní bhaineann le hábhar

Neamhchosaint eile mhiondíola

30 %

Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le comhthaobhacht airgeadais

0 %

Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le suimeanna infhaighte

10 %

Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála

10 %

Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le comhthaobhacht fhisiceach eile

15 %

Airteagal 164 4a.

Chun críocha mhír 4, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

Beidh feidhm ag íosrátaí ionchuir LGD i mír 4, Tábla 1, maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le cosaint creidmheasa chistithe i gcás ina mbeidh an chosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo;

(b) 

seachas i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, beidh feidhm ag na híosrátaí ionchuir LGD i mír 4, Tábla 1, den Airteagal seo maidir le neamhchosaintí arna n-urrú go hiomlán le cosaint creidmheasa chistithe, tar éis na coigeartuithe luaineachta ábhartha a bheith curtha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 230, i gcás inarb ionann luach FCP agus luach na neamhchosanta foluití nó is mó ná an luach sin; chun críoch chur i bhfeidhm na gcoigeartuithe gaolmhara ábhartha, Hc agus Hfx, i gcomhréir le hAirteagal 230, beidh cosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo;

(c) 

seachas i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, déantar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint arna n-urrú go páirteach le cosaint creidmheasa chistithe a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Airteagal 161(6);

(d) 

i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, socrófar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme ag 5 % gan beann ar an leibhéal comhthaobhachta arna sholáthar leis an réadmhaoin chónaithe.

Airteagal 164 5.
Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 6 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin.

I gcás inarb é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 6.

I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúblailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údaráis inniúla agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 164 6.
Bunaithe ar na sonraí arna mbailiú faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí réadmhaoine dochorraithe á gcur san áireamh, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil nó, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosráta ionchuir LGD dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe nó neamhchosaintí eile miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis sin.

I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosráta ionchuir LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna íosráta ionchuir LGD difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na neamhchosaintí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis sin. Féadfar na luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga réadmhaoine den sórt sin.

Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a dhéanamh. Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra sin a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

Airteagal 164 7.
I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde a shocrú de bhun mhír 6, beidh idirthréimhse 6 mhí ag institiúidí chun iad a chur i bhfeidhm.
Airteagal 164 8.
Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d'fhonn na coinníollacha a shonrú a chuirfidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus oiriúnacht na luachanna LGD á meas acu mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 164 9.

Féadfaidh BERS trí nhithín moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na fachtóirí a d'fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 6; agus

(b) 

tagarmharcanna táscacha a chuirfidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus luachanna LGD níos airde á socrú.

Airteagal 164 10.
Cuirfidh institiúidí de chuid Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis Ballstáit eile i gcomhréir le mír 6 i bhfeidhm maidir lena ►C12  neamhchosainti ◄ comhfhreagracha uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe agus ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó den Bhallstát sin.;

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas