+Airteagal 166 8c.

Airteagal 166 8c.

I gcás ina n-úsáidtear IRB-CCF chun na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí a thagann as ceangaltais imrothlacha seachas neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 147(2), pointe (a), go háirithe de bhun Airteagal 153(1), Airteagal 157 agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), agus chun na críche sin amháin, ní bheidh luach na neamhchosanta maidir le gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur den mhéid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná suim na nithe seo a leanas:

(a) 

méid tarraingthe an ghealltanais imrothlaigh;

(b) 

50 % de mhéid na neamhchosanta atá lasmuigh den chlár comhardaithe ar an gcuid neamhtharraingthe den ghealltanas imrothlach atá fágtha arna ríomh leis an SA-CCF is infheidhme dá bhforáiltear in Airteagal 111.

Tagrófar do shuim phointí (a) agus (b) mar “íosráta ionchuir CCF”.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas