+Airteagal 166 Neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí agus neamhchosaintí miondíola
---+Airteagal 166 1.
---+Airteagal 166 2.
---+Airteagal 166 3.
---+Airteagal 166 4.
---+Airteagal 166 5.
---+Airteagal 166 6.
---+Airteagal 166 7.
---+Airteagal 166 8.
---+Airteagal 166 8a.
---+Airteagal 166 8b.
---+Airteagal 166 8c.
---+Airteagal 166 9.
|
Airteagal 166 Neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí agus neamhchosaintí miondíola
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 166 1.
|
Mura dtugtar a mhalairt le fios, is ionann luach
►C9
neamhchosanta ◄ na
►C9
neamhchosaintí ◄ laistigh den chlár comhardaithe agus an luach cuntasaíochta, arna thomhas gan aon choigeartuithe i leith an
►C9
riosca ◄ creidmheasa a chur san áireamh. Tá feidhm ag an riail seo freisin maidir le sócmhainní a ceannaíodh ar phraghas nach ionann é agus an méid atá dlite. I gcás sócmhainní ceannaithe, meastar gur lascaine ar an difríocht idir an méid atá dlite agus an luach cuntasaíochta a fhanann ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus í ag ceannach na sócmhainne, tar éis di na coigeartuithe sonracha ar an
►C9
riosca ◄ creidmheasa a chur i bhfeidhm, más mó an méid atá dlite, agus meastar gur préimh í más lú an méid atá dlite.
|
|
Airteagal 166 2.
|
Ríomhfar an luach
►C9
neamhchosanta ◄ i gcomhréir le Caibidil 4 nó le Caibidil 6 i gcás ina n-úsáideann institiúidí Máistir-chomhaontuithe glanluachála maidir le hidirbhearta athcheannaigh nó maidir le hidirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí.
|
|
Airteagal 166 3.
|
Chun luach na
►C9
neamhchosanta ◄ a ríomh i gcás glanluachála iasachtaí agus taiscí laistigh den chlár comhardaithe, cuirfidh institiúidí isteach ar na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4.
|
|
Airteagal 166 4.
|
Beidh luach na
►C9
neamhchosanta ◄ do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Beidh na híocaíochtaí léasa íosta comhdhéanta de na híocaíochtaí a cheanglaítear nó is féidir a cheangal ar an léasaí a dhéanamh i rith théarma an léasa agus aon rogha margaidh (i.e. rogha a bhfuil a feidhmiú réasúnta cinnte). Más féidir a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach sócmhainne léasaithe agus má chomhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tacar coinníollacha atá in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht sholáthraithe na cosanta, chomh maith leis na ceanglais maidir le cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint mar a fhoráiltear in Airteagal 213, féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4.
|
|
Airteagal 166 5.
|
I gcás aon chonartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, cinnfear luach na
►C9
neamhchosanta ◄ de réir na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 6 agus ní chuirfear aon choigeartú i leith an
►C9
riosca ◄ creidmheasa san áireamh.
|
|
Airteagal 166 6.
|
Is ionann luach na
►C9
neamhchosanta ◄ a úsáidfear chun na méideanna
►C9
neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C9
riosca ◄ d'earraí infhaighte ceannaithe a ríomh agus an luach arna ríomh i gcomhréir le mír 1 lúide na ceanglais cistí dílse le haghaidh an
►C9
riosca ◄ caolúcháin roimh an maolú
►C9
riosca ◄ creidmheasa.
|
|
Airteagal 166 7.
|
I gcás
►C9
neamhchosanta ◄ i bhfoirm urrús nó tráchtearraí a díoladh, a breacadh chun cuntais nó a tugadh ar iasacht faoi idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh, is ionann luach na
►C9
neamhchosanta ◄ agus luach na n-urrús nó na dtráchtearraí arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24. I gcás ina n-úsáidfear an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 223, méadófar luach na
►C9
neamhchosanta ◄ den choigeartú luaineachta is iomchuí d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin, mar atá leagtha amach ann. Féadfar luach
►C9
neamhchosanta ◄ na n-idirbheart athcheannaigh, na n-idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, na n-idirbheart socraíochta iarchurtha agus na n-idirbheart iasachta corrlaigh a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 nó le hAirteagal 220(2).
|
|
Airteagal 166 8.
|
Déanfar luach neamhchosanta ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe nach conarthaí iad mar a liostaítear in Iarscríbhinn II iad a ríomh trí IRB-CCF nó trí SA-CCFanna a úsáid, i gcomhréir le míreanna 8a agus 8b den Airteagal seo agus le hAirteagal 151(8). I gcás nach mbeidh ach iarmhéideanna tarraingthe saoráidí imrothlacha urrúsaithe, áiritheoidh institiúidí go bhfanfaidh siad i seilbh mhéid na gcistí dílse a cheanglaítear orthu a shealbhú in aghaidh na n-iarmhéideanna neamhtharraingthe atá bainteach leis an urrúsú. Institiúid nach bhfuair cead IRB-CCF a úsáid, ríomhfaidh sí luach na neamhchosanta mar an méid atá geallta ach neamhtharraingthe arna iolrú faoi SA-CCF lena mbaineann. Ríomhfaidh institiúid a úsáideann IRB-CCF luach na neamhchosanta le haghaidh ceangaltais neamhtharraingthe mar an méid neamhtharraingthe arna iolrú faoi IRB-CCF.
|
|
Airteagal 166 8a.
|
Maidir le neamhchosaint nach bhfuil cead faighte ag institiúid ina leith IRB-CCF a úsáid, is é a bheidh sa CCF is infheidhme SA-CCF mar a fhoráiltear dó i gCaibidil 2 maidir leis na cineálacha céanna ítimí mar a leagtar síos in Airteagal 111. Is é an ceann is ísle de luach an mhéid atá geallta ach neamhtharraingthe agus den luach a léiríonn aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann ar infhaighteacht na saoráide, lena n-áirítear uasteorainn a bheith ann ar an méid féideartha iasachta a bhaineann le sreabhadh airgid thirim tuairiscithe an oibleagáideora, a bheidh sa mhéid ar a bhfuil an SA-CCF le cur i bhfeidhm. I gcás ina mbeidh srian den sórt sin ar shaoráid, beidh nósanna imeachta leordhóthanacha ag an institiúid chun faireachán agus bainistíocht ar an líne a dhéanamh chun tacú leis an srian sin a bheith ann.
|
|
Airteagal 166 8b.
|
Faoi réir cead údarás inniúil, bainfidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais chun IRB-CCF a úsáid mar a shonraítear i Roinn 6 úsáid as IRB-CCF i gcás neamhchosaintí a eascraíonn as gealltanais neamhtharraingthe imrothlacha a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB ar choinníoll nach mbeadh na neamhchosaintí sin faoi réir SA-CCF 100 % faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Úsáidfear SA-CCFanna le haghaidh an mhéid seo a leanas:
(a)
gach ítim eile lasmuigh den chlár comhardaithe, go háirithe gealltanais neamhtharraingthe neamh-imrothlacha;
(b)
neamhchosaintí nach gcomhlíonann an institiúid na híoscheanglais ina leith chun IRB-CCF a ríomh mar a shonraítear i Roinn 6, nó i gcás nár thug an t-údarás inniúil cead chun IRB-CCF a úsáid.
Chun críche an Airteagail seo, measfar go mbeidh gealltanas “imrothlach” i gcás ina dtabharfaidh sé caoi d’fhéichiúnaí iasacht a fháil ina mbeidh sé de sholúbthacht ag an bhféichiúnaí a chinneadh cá mhinice a aistarraingeoidh sé as iasacht agus cé na faid ama a bheidh idir na haistarraingtí, rud a ligfidh don oibleagáideoir iasachtaí airleacain a tugadh dó a tharraingt anuas, a aisíoc agus a atarraingt. Is mar shocruithe “imrothlacha” a mheasfar socruithe conarthacha lena gceadaítear réamhíocaíochtaí a dhéanamh agus atarraingtí a dhéanamh ar na réamhíocaíochtaí sin ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 166 8c.
|
I gcás ina n-úsáidtear IRB-CCF chun na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí a thagann as ceangaltais imrothlacha seachas neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 147(2), pointe (a), go háirithe de bhun Airteagal 153(1), Airteagal 157 agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), agus chun na críche sin amháin, ní bheidh luach na neamhchosanta maidir le gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur den mhéid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná suim na nithe seo a leanas:
(a)
méid tarraingthe an ghealltanais imrothlaigh;
(b)
50 % de mhéid na neamhchosanta atá lasmuigh den chlár comhardaithe ar an gcuid neamhtharraingthe den ghealltanas imrothlach atá fágtha arna ríomh leis an SA-CCF is infheidhme dá bhforáiltear in Airteagal 111.
Tagrófar do shuim phointí (a) agus (b) mar “íosráta ionchuir CCF”.
|
|
Airteagal 166 9.
|
I gcás ina dtagraítear i gceangaltas do shíneadh ceangaltais eile, is é an ceann is ísle den dá fhachtóir coinbhéartachta a bhaineann leis an gceangaltas aonair a úsáidfear.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|