+Airteagal 171 Grádanna nó comhthiomsuithe a shannadh
---+Airteagal 171 1.
---+Airteagal 171 2.
---+Airteagal 171 3.
|
Airteagal 171 Grádanna nó comhthiomsuithe a shannadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 171 1.
|
Beidh sainmhínithe, próisis agus critéir ar leith ag institiúid chun
►C9
neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe laistigh de chóras rátála a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(a)
beidh sainmhínithe agus critéir na ngrád agus na gcomhthiomsuithe mionsonraithe a ndóthain le gur féidir leo siúd a bhfuil sé de chúram orthu rátálacha a shannadh na hoibleagáideoirí nó na saoráidí a bhfuil an
►C9
riosca ◄ céanna ag baint leo a shannadh go comhsheasmhach don ghrád nó don chomhthiomsú céanna. Beidh an chomhsheasmhacht sin le fáil thar línte gnó, ranna agus suímh gheografacha;
(b)
cuirfidh doiciméadú an phróisis rátála ar chumas tríú páirtithe sannadh na
►C9
neamhchosaintí ◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe a thuiscint, an sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe a mhacasamhlú agus meastachán a dhéanamh ar oiriúnacht an tsannta don ghrád nó don chomhthiomsú;
(c)
ina theannta sin, beidh na critéir comhsheasmhach le caighdeáin inmheánacha iasachtaithe na hinstitiúide agus lena beartais maidir leis an gcaoi a bpléitear le hoibleagáideoirí nó le saoráidí struis.
|
|
Airteagal 171 2.
|
Cuirfidh institiúid gach faisnéis ábhartha san áireamh agus í ag sannadh oibleagáideoirí agus saoráidí do ghráid nó do chomhthiomsuithe. Dá laghad faisnéis a bheidh ag an institiúid, is ea is coimeádaí a bheidh sí agus í ag sannadh
►C9
neamhchosaintí ◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráidí. Má bhaineann institiúid úsáid as rátáil sheachtrach mar phríomhfhachtóir chun sannadh rátála inmheánaí a chinneadh, áiritheoidh an institiúid go gcuirfear faisnéis ábhartha eile san áireamh.
|
|
Airteagal 171 3.
|
Úsáidfidh institiúidí tréimhse ama is faide ná bliain amháin chun rátálacha a shannadh. Beidh rátáil oibleagáideora ina léiriú ar mheasúnú na hinstitiúide ar chumas agus toil an oibleagáideora feidhmiú go conarthach in ainneoin dálaí eacnamaíocha díobhálacha nó teagmhais neamhthuartha. Déanfar córais rátála a dhearadh ar bhealach ina mbeidh athruithe neamhghnácha agus, i gcás inar tionscnóirí ábhartha riosca iad sin don chineál neamhchosanta, athruithe tionscal-sonracha, ina dtionscnóir imirce ó ghrád nó comhthiomsú amháin go ceann eile. D’fhéadfadh éifeachtaí timthrialla gnó a bheith ina dtionscnóirí imirce freisin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|