Cuirfidh institiúid gach faisnéis ábhartha san áireamh agus í ag sannadh oibleagáideoirí agus saoráidí do ghráid nó do chomhthiomsuithe. Dá laghad faisnéis a bheidh ag an institiúid, is ea is coimeádaí a bheidh sí agus í ag sannadh
►C9
neamhchosaintí
◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráidí. Má bhaineann institiúid úsáid as rátáil sheachtrach mar phríomhfhachtóir chun sannadh rátála inmheánaí a chinneadh, áiritheoidh an institiúid go gcuirfear faisnéis ábhartha eile san áireamh.