+Airteagal 174 Úsáid samhlacha

Airteagal 174 Úsáid samhlacha

Airteagal 174

Úsáid samhlacha

▼M17

Úsáidfidh institiúidí modhanna staitistiúla nó matamaiticiúla eile (“samhlacha”) chun neamhchosaintí a shannadh d’oibleagáideoir nó do ghráid nó do chomhthiomsuithe saoráidí. Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh acmhainn mhaith réamhaisnéise ag an tsamhail agus ní chuirfear na ceanglais cistí dílse as a riocht de bharr í a úsáid;

▼B

(b) 

beidh próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun na hionchuir sonraí sa tsamhail a sheiceáil, lena n-airítear measúnú ar bheachtas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht na sonraí;

(c) 

beidh na sonraí a úsáidfear chun an tsamhail a thógáil ionadaíoch do dhaonra oibleagáideoirí nó ►C9  neamhchosaintí ◄ iarbhír na hinstitiúide;

(d) 

beidh timthriall rialta bailíochtaithe samhla ag an institiúid lena n-áireofar faireachán ar fheidhmíocht agus ar chobhsaíocht na samhla; athbhreithniú ar shonraíocht na samhla; agus tástáil ar aschuir na samhla in aghaidh na dtorthaí;

(e) 

comhlánóidh an institiúid an tsamhail staitistiúil le breithiúnas daonna agus le formhaoirseacht dhaonna chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sanntaí atá bunaithe ar an tsamhail agus lena áirithiú go n-úsáidfear na samhlacha go hiomchuí. Is é aidhm a bheidh ag na nósanna imeachta athbhreithnithe na hearráidí a thagann as laigí na samhla a aimsiú agus a theorannú. Déanfaidh an breithiúnas daonna gach faisnéis ábhartha nár cuireadh san áireamh sa tsamhail a chur san áireamh. Doiciméadóidh an institiúid an chaoi nach mór an breithiúnas daonna agus torthaí na samhla a thabhairt le chéile.

▼M17

Chun críocha na chéad mhíre, pointe (a), beidh na hathróga ionchuir ina mbonn réasúnach éifeachtach leis na réamhaisnéisí a sholáthrófar. Ní bheidh aon laofacht ábhartha sa tsamhail. Beidh nasc feidhmeach idir ionchuir agus aschuir na samhla, a fhéadfar a chinneadh trí bhreithiúnas saineolaithe, i gcás inarb iomchuí.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas