+Airteagal 175 Doiciméadú na gcóras rátála
---+Airteagal 175 1.
---+Airteagal 175 2.
---+Airteagal 175 3.
---+Airteagal 175 4.
---+Airteagal 175 5.
|
Airteagal 175 Doiciméadú na gcóras rátála
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 175 1.
|
Doiciméadóidh institiúidí dearadh agus mionsonraí oibríochta a córas rátála. Cuirfidh an doiciméadú fianaise ar fáil go bhfuiltear ag comhlíonadh ceanglas na Roinne seo, agus déileálfaidh sé le hábhair lena n-áirítear difreáil punann, critéir rátála, freagrachtaí na bpáirtithe a rátálann na hoibleagáideoirí agus na
►C9
neamhchosaintí ◄ , minicíocht na n-athbhreithnithe ar shanntaí agus an mhaoirseacht bhainistíochta ar an bpróiseas rátála.
|
|
Airteagal 175 2.
|
Doiciméadóidh an institiúid an réasúnaíocht is bun leis na critéir rátála arna roghnú aici agus an anailís a thacaíonn leis an rogha sin. Doiciméadóidh an institiúid aon athrú mór a dhéanfar ar an bpróiseas rátála
►C9
riosca ◄ agus beidh an doiciméadú ag tacú leis na hathruithe a rinneadh ar an bpróiseas rátála
►C9
riosca ◄ ón uair a rinne na húdaráis inniúla athbhreithniú go deireanach air a aithint. Déanfar doiciméadú freisin ar eagrú an tsannta rátála, lena n-áirítear an próiseas sannta rátála agus an struchtúr rialaithe inmheánaigh.
|
|
Airteagal 175 3.
|
Doiciméadóidh an institiúid na sainmhínithe ar leith ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear go hinmheánach agus áiritheoidh sí go mbeidh siad comhsheasmhach leis na sainmhínithe atá leagtha amach sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 175 4.
|
I gcás ina n-úsáideann an institiúid samhlacha staitistiúla sa phróiseas rátála, doiciméadóidh an institiúid a modheolaíochtaí. Déanfar an méid seo a leanas sa doiciméadacht sin:
(a)
achoimre mhionsonraithe a sholáthar ar an teoiric, ar na toimhdí agus ar an mbunús matamaiticiúil agus eimpiriciúil is bonn le sannadh na meastachán do ghráid, d'oibleagáideoirí aonair, do
►C9
neamhchosaintí ◄ nó do comhthiomsuithe, agus ar an bhfoinse/na foinsí sonraí a úsáideadh chun an tsamhail a mheas;
(b)
dianphróiseas staitistiúil a bhunú, lena n-áirítear trialacha feidhmíochta as am agus as sampla chun an tsamhail a bhailíochtú;
(c)
na dálaí a thabhairt le fios nach n-oibríonn an tsamhail go éifeachtach iontu.
|
|
Airteagal 175 5.
|
Léireoidh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil ceanglais an Airteagail seo á gcomhlíonadh, i gcás ina bhfuil córas rátála, nó samhail a úsáidtear laistigh de chóras rátála, faighte ag institiúid ó dhíoltóir tríú páirtí agus go ndiúltaíonn sé rochtain a thabhairt don institiúid ar fhaisnéis a bhaineann le modheolaíocht an chórais rátála nó na samhla sin, nó ar shonraí foluiteacha a úsáideadh chun an mhodheolaíocht nó an tsamhail sin a fhorbairt, nó go dteorannaíonn sé an fhaisnéis sin, ar an mbonn go bhfuil an fhaisnéis sin dílsithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|