Doiciméadóidh an institiúid an réasúnaíocht is bun leis na critéir rátála arna roghnú aici agus an anailís a thacaíonn leis an rogha sin. Doiciméadóidh an institiúid aon athrú mór a dhéanfar ar an bpróiseas rátála
►C9
riosca
◄ agus beidh an doiciméadú ag tacú leis na hathruithe a rinneadh ar an bpróiseas rátála
►C9
riosca
◄ ón uair a rinne na húdaráis inniúla athbhreithniú go deireanach air a aithint. Déanfar doiciméadú freisin ar eagrú an tsannta rátála, lena n-áirítear an próiseas sannta rátála agus an struchtúr rialaithe inmheánaigh.