|
+Airteagal 180 2. |
Airteagal 180 2.I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe oibleagáideora nó saoráide ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana bliana, agus ní ríomhfar rátaí mainneachtana ar leibhéal na saoráide ach amháin i gcás ina gcuirfear sainiú na mainneachtana i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide creidmheasa aonair de bhun Airteagal 178(1), an dara fomhír;
(b)
féadfar meastacháin PD a dhéanamh freisin ar bhonn meastachán na gcaillteanas iomlán agus ar bhonn meastachán ábhartha ar LGDanna;
(c)
measfaidh na hinstitiúidí gurb iad na sonraí inmheánacha maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe príomhfhoinse na faisnéise chun meastachán a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as sonraí seachtracha (lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe) nó samhlacha staitistiúla don chainníochtú ar an gcoinníoll go mbeidh an dá nasc láidir seo i gceist:
(i)
idir próiseas na hinstitiúide maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomthiomsuithe agus an próiseas a úsáideann foinse na sonraí seachtracha; agus
(ii)
idir próifíl ►C9 riosca ◄ inmheánach na hinstitiúide agus comhdhéanamh na sonraí seachtracha;
►C2
(d)
má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith ►C9 neamhchosaintí ◄ miondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána ◄ agus ar mheastachán ábhartha ar PD nó an LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais iomlána na caighdeáin ghinearálta maidir leis meastacháin PD agus LGD atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 181(1);
(e)
is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin, a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla foluití cothrom le 5 bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad; I gcás earraí infhaighte ceannaithe, féadfaidh institiúidí sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid. Bainfidh na hinstitiúidí úsáid as gach foinse sonraí ábhartha mar phointí comparáide. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh PD bunaithe ar an meánráta stairiúil mainneachtana bliana breathnaithe. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), i gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil i gcás aon fhoinse ar leith, agus i gcás ina mbeidh na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide sin a úsáidfear. Cuimseoidh na sonraí sin meascán ionadaíoch de bhlianta maithe agus de dhrochbhlianta an timthrialla eacnamaíoch a bheidh ábhartha don chineál neamhchosaintí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid. Cuirfear 1 bhliain amháin gach bliain leis an tréimhse atá le cumhdach go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha 5 bliana ar a laghad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|