+Airteagal 182 Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta
---+Airteagal 182 4.
---+Airteagal 182 5.
---+Airteagal 182 1.
---+Airteagal 182 1a.
---+Airteagal 182 1b.
---+Airteagal 182 1c.
---+Airteagal 182 1d.
---+Airteagal 182 2.
---+Airteagal 182 3.

Airteagal 182 Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 182 1.

Agus na paraiméadair ►C9  riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm:

(a) 

déanfaidh institiúidí fachtóirí coinbhéartachta a mheas de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn mheán na bhfachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as an meán mainneachtain-ualaithe a thig ó gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí;

(b) 

úsáidfidh na hinstitiúidí meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála fachtóirí coinbhéartachta réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair ►C9  riosca ◄ de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun éifeacht an ghéarchoir eacnamaíoch ar an gcaipiteal a theorannú;

▼M17

(c) 

léireofar in IRB-CCF institiúidí an fhéidearthacht go ndéanfaidh oibleagáideoir tarraingtí breise go dtí go spreagfar teagmhas mainneachtana agus ina dhiaidh sin;

▼B

(d) 

le linn dóibh teacht ar mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh na beartais agus na straitéisí sonracha lenar ghlac siad maidir leis an bhfaireachán ar chuntais agus le próiseáil na n-íocaíochtaí. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh freisin a mhéid atá siad ábalta agus toilteanach tarraingtí eile a chosc i ndálaí atá gar don mhainneachtain, amhail sáruithe cúnaint nó teagmhais mhainneachtana theicniúla eile;

(e) 

beidh córais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun ag institiúidí le faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide, ar mhéideanna gan íoc i gcomparáid leis na línte atá tiomanta agus ar na hathruithe ar na méideanna gan íoc de réir an oibleagáideora agus an ghráid. Beidh an institiúid i riocht faireachán a dhéanamh go laethúil ar aon iarmhéid gan íoc;

(f) 

Má úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla ar na fachtóirí coinbhéartachta le méideanna na ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh agus chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta;

▼M17

(g) 

úsáidfear tréimhse shocraithe 12 mhí mar chur chuige chun IRB-CCF institiúidí a mheas;

(h) 

beidh IRB-CCF institiúidí bunaithe ar shonraí tagartha ina léireofar saintréithe chleachtais bainistíochta an oibleagáideora, na saoráide agus an bhainc i leith na neamhchosaintí dá gcuirfear na meastacháin i bhfeidhm.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina dtugann institiúidí faoi deara go bhfuil fachtóir coinbhéartachta réadaithe diúltach ag gabháil dá mbreathnuithe mainneachtana, beidh an fachtóir coinbhéartachta réadaithe ar na breathnuithe sin cothrom le nialas chun críche a gcuid IRB-CCF a chainníochtú. Féadfaidh institiúidí an fhaisnéis faoin bhfachtóir coinbhéartachta réadaithe diúltach a úsáid le linn fhorbairt na samhla chun críche difreáil riosca.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), cuimseofar in IRB-CCF corrlach choimeádachais níos mó i gcás inar féidir ionchas a bheith leis, ar bhonn réasúnach, go mbeidh comhghaol deimhneach níos láidre ann idir minicíocht na mainneachtana agus méid an fhachtóra coinbhéartachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), déanfar gach mainneachtain a nascadh le saintréithe ábhartha an oibleagáideora agus na saoráide ar an dáta tagartha socraithe a shainmhínítear mar 12 mhí roimh dháta na mainneachtana.

Airteagal 182 1a.

Chun críocha mhír 1, pointe (h), ní bheidh IRB-CCF arna chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ar leith bunaithe ar shonraí a mheascann na héifeachtaí atá ag saintréithe éagothroma ná ar shonraí ó neamhchosaintí a léiríonn saintréithe riosca éagsúla ó thaobh ábhair de. Beidh IRB-CCF bunaithe ar dheighleoga aonchineálacha mar is iomchuí. Chun na críche sin, ní cheadófar na cleachtais seo a leanas ach amháin ar bhonn grinnscrúdú agus réasúnú mionsonraithe arna ndéanamh ag institiúid:

(a) 

sonraí foluiteacha FBM/meánmhargaidh a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le hoibleagáideoirí corparáideacha móra;

(b) 

sonraí ó ghealltanais, ar beag a n-infhaighteacht teorann gan úsáid, a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le saoráidí ar mór an infhaighteacht teorann gan úsáid atá acu;

(c) 

sonraí ó oibleagáideoirí atá thar téarma nó bactha in aghaidh tuilleadh tarraingtí anuas a dhéanamh tráth an dáta tagartha a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le hoibleagáideoirí nach eol iad a bheith thar téarma nó faoi shrianta ábhartha;

(d) 

sonraí a ndearna athruithe i meascán iasachtaí agus táirgí eile creidmheasa na n-oibleagáideoirí difear dóibh thar an tréimhse breathnóireachta mura rud é go bhfuil na sonraí sin coigeartaithe go héifeachtach trí éifeachtaí na n-athruithe sa mheascán táirgí a bhaint.

Airteagal 182 1b.

Chun críocha mhír 1a, pointe (d), léireoidh institiúidí do na húdaráis inniúla go bhfuil tuiscint mhionsonraithe acu ar an tionchar a imríonn athruithe i meascán táirgí custaiméara ar thacair sonraí tagartha na neamhchosaintí agus IRB-CCF gaolmhar, agus go bhfuil an tionchar neamhábhartha nó maolaithe go héifeachtach laistigh dá bpróiseas meastacháin. Ina leith sin, ní mheasfar gurb iomchuí iad na nithe seo a leanas:

(a) 

íosrátaí nó uasteorainneacha ar IRB-CCF nó breathnóireacht ar luach neamhchosanta a shocrú, cé is moite den fhachtóir coinbhéartachta réadaithe atá cothrom le nialas, i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1;

(b) 

úsáid a bhaint as meastacháin ar leibhéal an oibleagáideora nach gcumhdaítear leo ina n-iomláine na roghanna ábhartha claochlaithe táirge nó a gcomhcheanglaítear leo go míchuí táirgí a bhfuil saintréithe an-éagsúil acu;

(c) 

gan ach breathnóireachtaí ábhartha a ndearna claochlú táirge difear dóibh a choigeartú;

(d) 

breathnóireachtaí a ndearna claochlú próifíle táirge difear dóibh a eisiamh.

Airteagal 182 1c.
Áiritheoidh institiúidí go ndéanfar a gcuid IRB-CCF a chur ar coraintín go héifeachtach ó éifeachtaí éagobhsaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann de dheasca saoráid a bheith tarraingthe go hiomlán ar an dáta tagartha.
Airteagal 182 1d.
Ní chuirfear uasteorainn leis na sonraí tagartha ar mhéid phríomhshuim na saoráide nó ar an teorainn saoráide atá ar fáil. Déanfar ús fabhraithe, íocaíochtaí dlite eile agus tarraingtí os cionn na dteorainneacha saoráide a áireamh sna sonraí tagartha.
Airteagal 182 2.
I gcás neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí, bunófar na meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a gcur chun feidhme go dtí go sroichfear 7 mbliana ar a laghad, i gcás aon fhoinse sonraí amháin ar a laghad. Más faide an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh ar fáil d’aon fhoinse ar leith, agus má tá na sonraí ábhartha, úsáidfear an tréimhse is faide sin.
Airteagal 182 3.
I gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí tarraingtí todhchaí a áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna.

I gcás neamhchosaintí miondíola, bunófar meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid. Cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse atá le cumhdach gach bliain go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha tréimhse 5 bliana ar a laghad.

Airteagal 182 4.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme den chéad uair.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 182 5.
Faoin 31 Nollaig 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena sonraítear an mhodheolaíocht atá institiúidí le cur i bhfeidhm chun IRB-CCF a mheas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas