|
+Airteagal 182 1. |
Airteagal 182 1.Agus na paraiméadair ►C9 riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm:
(a)
déanfaidh institiúidí fachtóirí coinbhéartachta a mheas de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn mheán na bhfachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as an meán mainneachtain-ualaithe a thig ó gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí;
(b)
úsáidfidh na hinstitiúidí meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála fachtóirí coinbhéartachta réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair ►C9 riosca ◄ de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun éifeacht an ghéarchoir eacnamaíoch ar an gcaipiteal a theorannú;
(c)
léireofar in IRB-CCF institiúidí an fhéidearthacht go ndéanfaidh oibleagáideoir tarraingtí breise go dtí go spreagfar teagmhas mainneachtana agus ina dhiaidh sin;
(d)
le linn dóibh teacht ar mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh na beartais agus na straitéisí sonracha lenar ghlac siad maidir leis an bhfaireachán ar chuntais agus le próiseáil na n-íocaíochtaí. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh freisin a mhéid atá siad ábalta agus toilteanach tarraingtí eile a chosc i ndálaí atá gar don mhainneachtain, amhail sáruithe cúnaint nó teagmhais mhainneachtana theicniúla eile;
(e)
beidh córais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun ag institiúidí le faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide, ar mhéideanna gan íoc i gcomparáid leis na línte atá tiomanta agus ar na hathruithe ar na méideanna gan íoc de réir an oibleagáideora agus an ghráid. Beidh an institiúid i riocht faireachán a dhéanamh go laethúil ar aon iarmhéid gan íoc;
(f)
(g)
úsáidfear tréimhse shocraithe 12 mhí mar chur chuige chun IRB-CCF institiúidí a mheas;
(h)
beidh IRB-CCF institiúidí bunaithe ar shonraí tagartha ina léireofar saintréithe chleachtais bainistíochta an oibleagáideora, na saoráide agus an bhainc i leith na neamhchosaintí dá gcuirfear na meastacháin i bhfeidhm. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina dtugann institiúidí faoi deara go bhfuil fachtóir coinbhéartachta réadaithe diúltach ag gabháil dá mbreathnuithe mainneachtana, beidh an fachtóir coinbhéartachta réadaithe ar na breathnuithe sin cothrom le nialas chun críche a gcuid IRB-CCF a chainníochtú. Féadfaidh institiúidí an fhaisnéis faoin bhfachtóir coinbhéartachta réadaithe diúltach a úsáid le linn fhorbairt na samhla chun críche difreáil riosca. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), cuimseofar in IRB-CCF corrlach choimeádachais níos mó i gcás inar féidir ionchas a bheith leis, ar bhonn réasúnach, go mbeidh comhghaol deimhneach níos láidre ann idir minicíocht na mainneachtana agus méid an fhachtóra coinbhéartachta. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), déanfar gach mainneachtain a nascadh le saintréithe ábhartha an oibleagáideora agus na saoráide ar an dáta tagartha socraithe a shainmhínítear mar 12 mhí roimh dháta na mainneachtana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|