+Airteagal 184 3.

Airteagal 184 3.

Déanfaidh an institiúid faireachán ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus freisin ar staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an institiúid measúnú ar an gcomhghaol atá idir cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, beidh beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ar bun aici a mbeidh ina gcosaint iomchuí ar aon teagmhas, lena n-áirítear rátáil ►C9  riosca ◄ inmheánach a shannadh do gach díoltóir agus gach seirbhíseoir;

(b) 

beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le hincháilitheacht an díoltóra agus an tseirbhíseora a chinneadh. Déanfaidh an institiúid nó a gníomhaire athbhreithnithe tréimhsiúla ar dhíoltóirí agus ar sheirbhíseoirí le beachtas thuarascálacha an díoltóra nó an tseirbhíseora a dheimhniú, le calaois nó laigí oibriúcháin a aimsiú agus le cáilíocht bheartais chreidmheasa an díoltóra agus cáilíocht bheartais agus nósanna imeachta bailiúcháin an tseirbhíseora a dheimhniú. Doiciméadófar torthaí na n-athbhreithnithe sin;

(c) 

measúnóidh an institiúid saintréithe na gcomhthiomsaithe d'earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear ró-airleacain; stair riaráistí agus dhrochfhiacha an díoltóra agus stair a lamháltas in aghaidh drochfhiach; téarmaí íocaíochta agus cuntais contra ionchasacha;

(d) 

beidh beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar bhonn comhiomláin ar chomhchruinnithe oibleagáideoirí aonair trasna comhthiomsuithe d'earraí infhaighte ceannaithe agus laistigh díobh;

(e) 

áiritheoidh an institiúid go bhfaighidh sí tuarascálacha tráthúla mionsonraithe a ndóthain ón seirbhíseoir ar aosú agus ar chaolú na n-earraí infhaighte lena áirithiú go gcomhlíonfar critéir incháilitheachta na hinstitiúide agus na beartais airleacain a rialaíonn na hearraí infhaighte ceannaithe, agus le modh éifeachtach a chur ar fáil le faireachán a dhéanamh ar théarmaí díolta agus caolúcháin an díoltóra agus iad sin a dhaingniú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas