+Airteagal 184 Ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe
---+Airteagal 184 1.
---+Airteagal 184 2.
---+Airteagal 184 3.
---+Airteagal 184 4.
---+Airteagal 184 5.
---+Airteagal 184 6.
|
Airteagal 184 Ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 184 1.
|
Agus na paraiméadair
►C9
riosca ◄ á gcainníochtú acu a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála d'earraí infhaighte ceannaithe, áiritheoidh institiúidí go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna 2 go 6.
|
|
Airteagal 184 2.
|
Áiritheoidh struchtúr na saoráide, i ngach cás is féidir a thuar, go mbeidh úinéireacht agus rialú iarbhír ag an institiúid ar gach íocaíocht airgid a thagann as na hearraí infhaighte. Nuair a dhéanann an t-oibleagáideoir íocaíochtaí díreacha le díoltóir nó le seirbhíseoir, deimhneoidh an institiúid go rialta go gcuirfear na híocaíochtaí ina n-iomláine ar aghaidh de réir théarmaí a bheidh aontaithe de réir conartha. Beidh nósanna imeachta ag institiúidí lena áirithiú go mbeidh úinéireacht na n-earraí infhaighte agus na bhfáltas airgid cosanta ar bhaic fhéimheachta nó ar agóidí dlí a d'fhéadfadh moill shuntasach a chur ar chumas an iasachtóra na hearraí infhaighte a leachtú nó a shannadh nó na fáltais airgid a rialú.
|
|
Airteagal 184 3.
|
Déanfaidh an institiúid faireachán ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus freisin ar staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh an institiúid measúnú ar an gcomhghaol atá idir cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, beidh beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ar bun aici a mbeidh ina gcosaint iomchuí ar aon teagmhas, lena n-áirítear rátáil
►C9
riosca ◄ inmheánach a shannadh do gach díoltóir agus gach seirbhíseoir;
(b)
beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le hincháilitheacht an díoltóra agus an tseirbhíseora a chinneadh. Déanfaidh an institiúid nó a gníomhaire athbhreithnithe tréimhsiúla ar dhíoltóirí agus ar sheirbhíseoirí le beachtas thuarascálacha an díoltóra nó an tseirbhíseora a dheimhniú, le calaois nó laigí oibriúcháin a aimsiú agus le cáilíocht bheartais chreidmheasa an díoltóra agus cáilíocht bheartais agus nósanna imeachta bailiúcháin an tseirbhíseora a dheimhniú. Doiciméadófar torthaí na n-athbhreithnithe sin;
(c)
measúnóidh an institiúid saintréithe na gcomhthiomsaithe d'earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear ró-airleacain; stair riaráistí agus dhrochfhiacha an díoltóra agus stair a lamháltas in aghaidh drochfhiach; téarmaí íocaíochta agus cuntais contra ionchasacha;
(d)
beidh beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar bhonn comhiomláin ar chomhchruinnithe oibleagáideoirí aonair trasna comhthiomsuithe d'earraí infhaighte ceannaithe agus laistigh díobh;
(e)
áiritheoidh an institiúid go bhfaighidh sí tuarascálacha tráthúla mionsonraithe a ndóthain ón seirbhíseoir ar aosú agus ar chaolú na n-earraí infhaighte lena áirithiú go gcomhlíonfar critéir incháilitheachta na hinstitiúide agus na beartais airleacain a rialaíonn na hearraí infhaighte ceannaithe, agus le modh éifeachtach a chur ar fáil le faireachán a dhéanamh ar théarmaí díolta agus caolúcháin an díoltóra agus iad sin a dhaingniú.
|
|
Airteagal 184 4.
|
Beidh córais agus nósanna imeachta ag an institiúid le haon mheath ar staid airgeadais an díoltóra agus ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe a bhrath go luath, agus le haghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar aon fhadhb a bheadh ag teacht chun cinn. Go háirithe, beidh beartais, nósanna imeachta agus córais fhaisnéise shoiléire agus éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar aon sárú cúnaint agus beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha aici le caingne dlí a thionscnamh agus le plé le hearraí infhaighte ceannaithe fadhbacha.
|
|
Airteagal 184 5.
|
Beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le rialú a dhéanamh ar earraí infhaighte ceannaithe, ar an gcreidmheas agus ar an airgead tirim. Go háirithe, sonróidh beartais inmheánacha scríofa gach eilimint ábhartha sa chlár chun earraí infhaighte a cheannach, lena n-áirítear na rátaí airleacain, an chomhthaobhacht incháilithe, an doiciméadacht riachtanach, na srianta ar chomhchruinniú agus an chaoi nach mór fáltais airgid a láimhseáil. Áireofar sna gnéithe sin gach toisc ábhartha agus iomchuí, lena n-áirítear staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, na comhchruinnithe
►C9
riosca ◄ , agus treochtaí maidir le cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus cáilíocht bhonn custaiméirí an díoltóra, agus áiritheoidh na córais inmheánacha nach dtabharfar cistí ar airleacan gan comhthaobhacht agus doiciméadacht tacaíochta a bheith ann.
|
|
Airteagal 184 6.
|
Beidh próiseas inmheánach éifeachtach ag an institiúid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta inmheánacha ar fad. Beidh sa phróiseas sin iniúchóireacht rialta ar gach staid chriticiúil de chlár a hinstitiúide chun earraí infhaighte a cheannach, deimhniú go bhfuil na dualgais arna ndeighilt idir measúnú an díoltóra agus an tseirbhíseora agus measúnú an oibleagáideora, ar an gcéad dul síos, agus, ar an dara dul síos, idir measúnú an díoltóra agus an tseirbhíseora agus iniúchadh allamuigh an díoltóra agus an tseirbhíseora, agus an mheastóireacht ar na hoibríochtaí cúloifige, agus beidh béim ar leith ann ar na cáilíochtaí, an taithí, na leibhéil soláthair foirne agus na córais uathoibrithe tacaíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|