Beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le rialú a dhéanamh ar earraí infhaighte ceannaithe, ar an gcreidmheas agus ar an airgead tirim. Go háirithe, sonróidh beartais inmheánacha scríofa gach eilimint ábhartha sa chlár chun earraí infhaighte a cheannach, lena n-áirítear na rátaí airleacain, an chomhthaobhacht incháilithe, an doiciméadacht riachtanach, na srianta ar chomhchruinniú agus an chaoi nach mór fáltais airgid a láimhseáil. Áireofar sna gnéithe sin gach toisc ábhartha agus iomchuí, lena n-áirítear staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, na comhchruinnithe
►C9
riosca
◄ , agus treochtaí maidir le cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus cáilíocht bhonn custaiméirí an díoltóra, agus áiritheoidh na córais inmheánacha nach dtabharfar cistí ar airleacan gan comhthaobhacht agus doiciméadacht tacaíochta a bheith ann.