Beidh an anailís inmheánach a dhéanfar de réir na rátálacha ar phróifíl
►C9
riosca
◄ creidmheasa na hinstitiúide ina Cuid bhunúsach den tuairisciú bainistíochta chun na bpáirtithe sin. Áireofar sa tuairisciú, ar a laghad, an phróifíl
►C9
riosca
◄ de réir an ghráid, an imirce thar na gráid, meastachán ar na paraiméadair ábhartha de réir an ghráid agus comparáidí idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus, má úsáidtear meastacháin, comparáidí idir na LGDanna a réadaíodh agus na fachtóirí coinbhéartachta a réadaíodh in aghaidh na n-ionchas agus in aghaidh thorthaí na tástála struis. Braithfidh minicíocht an tuairiscithe ar thábhacht agus ar chineál na faisnéise agus ar leibhéal an fhaighteora.