+Airteagal 194 Prionsabail lena rialaítear incháilitheacht teicnící maolaithe►C9riosca◄creidmheasa
---+Airteagal 194 1.
---+Airteagal 194 2.
---+Airteagal 194 3.
---+Airteagal 194 4.
---+Airteagal 194 5.
---+Airteagal 194 6.
---+Airteagal 194 7.
---+Airteagal 194 8.
---+Airteagal 194 9.

Airteagal 194 Prionsabail lena rialaítear incháilitheacht teicnící maolaithe►C9riosca◄creidmheasa

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 194 1.
An teicníc a úsáidfidh an institiúid iasachta chun cosaint creidmheasa a chur ar fáil, mar aon leis na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanfaidh an institiúid iasachtaí sin agus na nósanna imeachta agus na beartais a chuirfidh sí chun feidhme, beidh siad de shaghas go mbeidh socruithe cosanta creidmheasa mar thoradh orthu a bheidh éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí.

An leagan is déanaí den tuairim nó de na tuairimí dlíthiúla réasúnaithe neamhspleácha i scríbhinn a d'úsáid an institiúid lena cruthú cibé an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír lena socrú nó a socruithe cosanta creidmheasa nó nach gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfaidh an institiúid iasachta é a chur ar fáil, arna iarraidh sin don údarás inniúil.

Airteagal 194 2.
Déanfaidh an institiúid iasachtaí gach céim is iomchuí chun éifeachtacht an tsocraithe cosanta creidmheasa a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na priacail a bhaineann leis an socrú sin.
Airteagal 194 3.

Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar ►C9  riosca ◄ creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh an dá choinníoll seo a leanas á gcomhlíonadh ag na sócmhainní a bhfuiltear ag brath orthu chun cosanta:

(a) 

tá siad san áireamh i liosta na sócmhainní incháilithe atá leagtha amach in Airteagail 197 go 200, de réir mar is infheidhme;

(b) 

tá siad sách leachtach agus tá a luach thar thréimhse ama sách seasmhach le cinnteacht a thabhairt maidir leis an gcosaint creidmheasa atá bainte amach, ag féachaint don chur chuige a úsáideadh chun méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.

Airteagal 194 4.
Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar ►C9  riosca ◄ creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh sé de cheart ag an institiúid iasachtaí na sócmhainní óna ndíorthaítear an chosaint a leachtú nó a choinneáil, ar shlí thráthúil, i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó fhéimheacht — nó teagmhas creidmheasa eile arna leagan amach i ndoiciméadacht an idirbhirt — an oibleagáideora, agus, más infheidhme, an choimeádaí a bhfuil an chomhthaobhacht aige. Ní bheidh méid an chomhghaoil idir luach na sócmhainní a mbraitear orthu i gcomhair cosanta agus caighdeán creidmheasa an oibleagáideora ró-ard.
Airteagal 194 5.
I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, ní cháileoidh soláthraí cosanta mar sholáthraí cosanta incháilithe ach amháin i gcás ina mbeidh sé san áireamh i liosta na soláthraithe cosanta incháilithe a leagtar amach in Airteagal 201 nó in Airteagal 202, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 194 6.

I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, cáileoidh comhaontú cosanta mar chomhaontú cosanta incháilithe sa chás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a) 

tá sé san áireamh i liosta na gcomhaontuithe cosanta incháilithe atá leagtha amach in Airteagal 203 agus in Airteagal 204(1);

(b) 

tá sé éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí de sna dlínsí dlíthiúla, ionas gur féidir cinnteacht iomchuí a chur ar fáil maidir leis an gcosaint creidmheasa atá baint amach, ag féachaint don chur chuige a úsáidtear chun méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.

(c) 

comhlíonann soláthraí na cosanta na critéir a leagtar síos i mír 5.

Airteagal 194 7.
Comhlíonfaidh cosaint creidmheasa na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 3, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 194 8.
Beidh an institiúid ábalta a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil próisis leordhóthanacha bainistithe ►C9  riosca ◄ aici chun na priacail a rialú a bhféadfadh sí a bheith ar ris orthu mar thoradh ar chleachtais maolaithe ►C9  riosca ◄ creidmheasa a chur i gcrích.
Airteagal 194 9.
D'ainneoin go gcuirtear maolú ►C9  riosca ◄ creidmheasa san áireamh d'fhonn méideanna ►C9  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh agus, nuair is infheidhme, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, leanfaidh institiúidí orthu de bheith ag tabhairt faoi mheasúnú ►C9  riosca ◄ creidmheasa ar an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach iomlán agus beidh siad in ann comhlíonadh an cheanglais sin a léiriú do na húdaráis inniúla. I gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, measfar gurb ionann an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach, chun críocha na míre seo amháin, agus glanmhéid na ►C9  neamhchosaint ◄ .

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas