Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar
►C9
riosca
◄ creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh sé de cheart ag an institiúid iasachtaí na sócmhainní óna ndíorthaítear an chosaint a leachtú nó a choinneáil, ar shlí thráthúil, i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó fhéimheacht — nó teagmhas creidmheasa eile arna leagan amach i ndoiciméadacht an idirbhirt — an oibleagáideora, agus, más infheidhme, an choimeádaí a bhfuil an chomhthaobhacht aige. Ní bheidh méid an chomhghaoil idir luach na sócmhainní a mbraitear orthu i gcomhair cosanta agus caighdeán creidmheasa an oibleagáideora ró-ard.